An Gailearaí
An Gailearaí
Back to All Events

An Gailearaí 25


  • An Gailearaí Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair Na Doirí Beaga, Co Dhún na nGall, F92 PT38 Ireland (map)

An Gailearaí, cúig bliana agus fiche ar aghaidh agus dul chun cinn á dhéanamh fós

Cuireadh tús leis uilig don Ghailearaí cúig bliana agus fiche ó shin. Sa bhliain 1999 agus iad lonnaithe sa Ghaeltacht d’fheidhmigh siad ar dtús as ionad os cionn an bhainc ag crosbhóthar an Fháil Charraigh. Tháinig Ealaín na Gaeltachta ar bord láithreach bonn le maoiniú don tionscnamh agus leanann an tacaíocht seo go dtí an lá inniu. Le tacaíocht mhór ón bpobal áitiúil agus níos faide i gcéin, reáchtáil An Gailearaí clár taispeántais bliantúil a chuir chun cinn ealaíontóirí gairmiúla áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a raibh a gcleachtas ag iarraidh céadfacht Ghaeltachta a léiriúéadfacht. Reáchtáladh níos mó ná 60 taispeántas ann a chlúdaigh raon leathan disciplíní le lucht féachana iontach i láthair agus go minic bhí an oiread sin daoine ann, go raibh siad ag doirteadh amach ar an tsráid.

Sa bhliain 2011, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, bhog siad isteach in Aislann nua Ghaoth Dobhair, áit a bhí saincheaptha agus buan. Ag obair taobh leis an leabharlann úr, tá An Gailearaí i ndiaidh leanúint ar aghaidh ag déanamh ionadaíochta d’ealaíontóirí go náisiúnta agus ag cur lena lucht spéise. Thar na blianta, bhí foireann iontach maith i gconaí ag an tionscadal, lena n-áirítear Coimeádaí, Bainisteoir Tionscadail, Bainisteoir Cuntas agus Cúntóir Imeachtaí le folúntas reatha do Theicneoir Dánlainne; má tá suim ag éinne déan teagmháil linn.

Anois agus iad 25 bliana d’aois agus suas le 130 taispeántas agus tionscadal rannpháirtíochta pobail bainte amach, tá sé beartaithe ag An Gailearaí cúpla imeacht ceiliúrtha a bheith acu agus é le tosú ar an gcéad cheathrú haois eile.

An Gailearaí 25 years on and still making shapes

It all began 25 years ago for An Gailearaí. In 1999 embedded within the Gaeltacht they originally operated out of a venue above the bank at the crossroads in Falcarragh. Ealaín na Gaeltachta came on board immediately with funding for the project and this support continues to today. With great support from the local community and beyond, An Gailearaí ran an annual exhibition programme that promoted local, regional and national professional artists whose practise sought to reflect a Gaeltacht sensibility. Over 60 exhibitions were exhibited there covering a broad range of disciplines with fabulous audience attendances often spilling out onto the street.

In 2011, with the support of Donegal County Council, they then made the move to a bespoke permanent home in Gaoth Dobhair in the new Aislann Centre. Working alongside the new library, An Gailearaí has continued to represent artists nationally and grow its audience. The project has been blessed with some wonderful staff over the years that include a Curator, Project Manager, Accounts Manager and Events Assistant with an opening for a Gallery Technician, if anyone is interested please contact us.

Now at 25 years old and with almost 130 exhibitions and community engagement projects under its belt, An Gailearaí plans to have a few celebratory events as it is set to embark on the next quarter century of operation.

Earlier Event: August 3
7 dTonn - 7 Waves - Paul Harrigan
Later Event: September 20
An Bainis