An Gailearaí
An Gailearaí
Cad atá de Dhíth Orainn? What do we Want?
Mar
15
to Apr 25

Cad atá de Dhíth Orainn? What do we Want?

“Tá síocháin ag teastáil inniu níos mó ná riamh. Tá cogadh agus coinbhleacht ag scaoileadh le léirscrios, bochtaineacht agus ocras, agus ag tiomáint na mílte daoine óna dtithe.” Antonio Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Is freagairt é an taispeántas grúpa seo ar an staid gheo-pholaitiúil atá ag éirí níos contúirtí ar fud an domhain inniu. Thug an coimeadaí Olivier Cornet cuireadh do chúigear ealaíontóirí le bheith páirteach sa togra seo; Jill Gibbon, Eoin Mac Lochlainn, Manal Mahamid, Miriam McConnon agus Tom Molloy. Don chuid seo den chamchuairt tá cuireadh tugtha ag An Gailearaí don taibhealaíontóir as Dún na nGall Bernadette Hopkins a bheith páirteach.

————————————————————————————————————————————————-

To begin, a quote from Antonio Guterres, the Secretary General of the United Nations: “Peace is needed today more than ever. War and conflict are unleashing devastation, poverty and hunger, and driving tens of millions of people from their homes.”

This group exhibition is a response to the increasingly dangerous geo-political situation in the world today. It features the work of five artists: Jill Gibbon, Eoin Mac Lochlainn, Manal Mahamid, Miriam McConnon and Tom Molloy who have been selected by the Olivier Cornet Gallery, Dublin where the first edition of this exhibition took place. For this version of it’s tour Donegal performance artist Bernadette Hopkins has been invited to take part.

View Event →
Caitlín Ní Ghallachóir
May
3
to Jun 13

Caitlín Ní Ghallachóir

Tar éis sos óna cleachtadh tá an t-ealaíontóir as Gaoth Dobhair ag obair i dtreo an taispeántais aonair seo. Bhí cuid oibre Chailtin go hiomlán teibí beagnach agus tá muid ag tnúth leis na forbairtí ina cleachtas.

———————————————————————————-

After a break from her practice, the Gweedore artist is working towards this solo exhibition. Cailtin's work has been almost entirely abstract and we look forward to the developments in her practice.

View Event →

Caint Ealaíontóra Eric Luke - Eric Luke's Artist Talk
Dec
18
2:00 PM14:00

Caint Ealaíontóra Eric Luke - Eric Luke's Artist Talk

Le breis agus 45 bliain anuas tá Eric Luke ag obair mar ghrianghrafadóir le nuachtáin Náisiúnta na hÉireann.

Is iar-ghrianghrafadóir de chuid an Irish Times é agus buaiteoir de go leor gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear an ‘World Press Photo’, agus Grianghrafadóir PPAI na Bliana.

Tá a shaothar ar taispeáint ar fud na hÉireann, agus níos faide i gcéin. I measc na n-ionad tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, World Press Photo Amsterdam agus Foirgneamh na Náisiún Aontaithe Nua-Eabhrac. Tá os cionn 25 gradam aige ó Chumann Grianghrafadóirí Preasa na hÉireann, Camera Circle Photographer of the Year, agus gradam World Press Photo News.

Thug a ghrianghrafadóireacht é ar thascanna ar fud an domhain, lena n-áirítear cúig Chluiche Oilimpeacha, dhá Chorn Domhanda, agus scéalta nuachta i Washington, Londain, Sydney, an India, an tSiria, an Chéinia agus an tSomáil.

Rugadh i nDeilginis, Baile Átha Cliath Theas é, agus tá cartlann phearsanta curtha le chéile aige ag cur síos ar mhuintir na hÉireann le ceithre scór bliain anuas.

Is é údar an leabhair Looking Back: The Changing Faces of Ireland arna fhoilsiú ag O’Brien Press (2016)

Tá taispeánas reatha Eric, Ag Amharc Siar: Oileán Thoraí, le feiceáil ag An Gailearaí go dtí 20 Nollaig.

————————————————————————————————————————————————-

Eric Luke has worked as a staff photographer with Irish National newspapers for over 45 years.

Former Irish Times photographer and winner of numerous national and international awards, including the World Press Photo, and PPAI Photographer of the Year.

With over 25 Press Photographers Association of Ireland awards, Camera Circle Photographer of the Year, and World Press Photo News award, his work has been exhibited throughout Ireland, and further afield. Venues include Trinity College Dublin, World Press Photo Amsterdam and the United Nations Building New York.

His photography has taken him on assignments worldwide, including five Olympic Games, two World Cups, and news stories in Washington, London, Sydney, India, Syria, Kenya and Somalia.

Born in Dalkey, South Dublin, he has built up a personal archive documenting the people of Ireland over the past four decades.

He is the author of the book Looking Back: The Changing Faces of Ireland published by OʼBrien Press (2016)

Eric’s current exhibition, Looking Back: Tory Island , can be seen at An Gailearaí until 20th December.

View Event →
Scéaltaí na gCultacha Bainise / Wedding Dress Stories
Oct
2
7:00 PM19:00

Scéaltaí na gCultacha Bainise / Wedding Dress Stories

Tráthnóna oscailte le rannpháirtithe an taispeántais. Éist leis na scéaltaí fáná gnúnaí pósta. Is imeacht saor in aisce é seo agus beidh fáilte roimh chách.

Open evening with exhibition contributors. Hear the stories behind their wedding dresses. This is a free event and all are welcome to attend.

View Event →
     

 
   Nuair a bhí muid ag bailiú cultacha bainise thug muid fá deara go raibh scéal taobh thiar de chuid mhaith acu. Ag an teacht le chéile tá cuireadh tugtha d’achan rannpháirtí a scéal féin a insint…agus tá fáilte roimh chéch theacht agus éis
Sep
25
4:30 PM16:30

Untitled Event

Nuair a bhí muid ag bailiú cultacha bainise thug muid fá deara go raibh scéal taobh thiar de chuid mhaith acu. Ag an teacht le chéile tá cuireadh tugtha d’achan rannpháirtí a scéal féin a insint…agus tá fáilte roimh chéch theacht agus éisteacht leo. Imeacht saor in aisce.

————————————————————————————-

While collecting wedding attire we realised that nearly every dress came with its own story. At this get together all participants are invited to these stories…and everyone is invited to come along and hear their tales. This is a free event.

View Event →
Teacht le Chéile - The Gathering
Sep
20
12:30 PM12:30

Teacht le Chéile - The Gathering

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt dóibh siúd a thug rud ar bith chugainn don taispeantas a gcuid scéaltaí fána ngúnaí a roinnt le chéile ag an Teacht le Chéile seo.

Tá fáilte roimh achan duine chuig an imeacht saor in aisce seo.

We’d like to invite everyone who gave us anything for this exhibition to come and share the stories of their dresses at The Gathering.

All are welcome to attend this free event.

View Event →
7 dTonn - 7 Waves - Paul Harrigan
Aug
3
8:00 PM20:00

7 dTonn - 7 Waves - Paul Harrigan

Léiriú beo den ‘Fuaimdhreach Seacht dTonn’ Paul Harrigan.

Cuireann An Gailearaí i gcomhar le Cairdeas na bhFidiléirí ‘Fuaimdhreach Seacht dTonn’ le Paul Harrigan i láthair. Seo deis ar leith chun an thaibhiú beo den fhuaimdhreach a chloisteáil mar pháirt den suiteáil ealaíne atá ar taispeáint sa Ghailearaí faoi láthair. Is é formáid an tráthnóna ná ‘ceolchoirm tí’ Dhún na nGall ina mbeidh na ceoltóirí ag seinm agus na léitheoirí ag léamh gan aimpliú.

‘Dánta ar snámh i bhfarraige de thonnta chanbhás clúdaithe laistigh de fhuaimdhreach Dhún na nGall ag úsáid fidil agus píopaí uilleann’

Beidh Paul, sár-léiritheoir ar na píobaí Uilleann, i gcuideachta an dísréad fidil, Roisin agus Ella McGrory. Mar chomhlánú ar an cheol, léifidh an t-údar agus an scéalaí iomráiteach Eithne Ní Ghallchobhair a h-aistriúchán Gaeilge de thimthriall dánta George Mackay Brown, a chuir na dánta ar fáil i nGaeilge don chéad uair. Beidh na dánta á n-aithris i mBéarla chomh maith ag Aobha Ní Aragáin, chuir a léiriú go mór leis an Seven Waves Soundscape C.D. seoladh ag an R.C.C. i Leitir Ceanainn.

Thig leat do shuíochan a chur in áirithe anseo nó thig leat scairt a chur ar An Ghailearaí ag 0874883771 le d’ait a chur in áirithe.

Aithníonn an t-imeacht beo seo go buíoch tacaíocht ón Chomhairle Ealaíon

——————————————————————————————————————

 A live performance of Paul Harrigan’s  ‘Seven Waves Soundscape’

An Gailearaí in association with Cairdeas na bhFidiléiri proudly present Paul Harrigan’s ‘Seven Waves Soundscape.’ This is a unique opportunity to experience a live performance of the soundscape as part of the art installation currently on display in An Gailearaí. The format for the evening is an intimate Donegal ‘house concert’ with the musicians and readers performing without the barrier of amplification. 

‘Floating poems in a sea of canvas waves enveloped within a Donegal soundscape using fiddles and uilleann pipes’

 Paul, a master exponent of the Uilleann pipes will be assisted by the fiddle duet of Roisin and Ella McGrory. To complement the music, an Irish language translation of the George Mackay Brown poem cycle will be read by eminent author and story teller Eithne Ní Ghallchobhair whose scholarship has made the poems available in Irish for the first time. The poems will also be recited in English by Aobha Ní Aragáin  whose rendition added so much to the Seven Waves Soundscape C.D. launch at the R.C.C. in Letterkenny.

 You can book your tickets here or call An Gailearaí on 0874883771 to reserve a place.

This live event gratefully acknowledges the support of The Arts Council

View Event →
Caint Ealaíontóra - Artist Talk - Dave Jackson
Jul
31
2:00 PM14:00

Caint Ealaíontóra - Artist Talk - Dave Jackson

Combining Visual Art, Poetry and Music in a exhibition format. Dave Jackson will explain how the exhibition came about and the importance of building cultural ties. There will be a guided tour of the show and a chance to chat informally as well as a discussion about printmaking and access to facilities in Scotland. 

This is a free event and open to all.

——————————————————————————————————

Amharc-ealaín, Filíocht agus Ceol a chomhcheangal i bhformáid taispeántais. Míneoidh Dave Jackson caide mar a tharla an taispeántas agus an tabhacht a bhaineann le naisc chultúrtha a chrúthú. Beidh turas treoraithe thart fán seó agus comhrá neamhfhoirmiúil chomh maith le plé ar dhéanamh priontaí agus rochtain ar áiseanna cló in Albain.

Imeacht saor in aisce. Fáilte roimh chách.

View Event →
Caint Ealaíontóra/Artist Talk - Oona Hyland
May
21
3:00 PM15:00

Caint Ealaíontóra/Artist Talk - Oona Hyland

Amharcealaíontóir is ea Oona Hyland agus céimí le déanaí aici le MA i dtaighde agus comhoibriú ealaíne ó IADT i mBaile Átha Cliath (2022), MPhil i Stair Ealaíne na hÉireann TCD (2017) agus rinne sí staidéar ar Chineamatagrafaíocht ag BCFE. Tá go leor cónaitheachtaí idirnáisiúnta déanta aici agus fuair sí The Emerging Artist Award ó DLR, Baile Átha Cliath sa bhliain 2022. Toghadh Oona chuig an Royal Society of Painter/Printmaker i Londain (2021) agus is ball í de Graphic Studio Dublin agus 9 Dragonheads.

Ag an chaint seo labhróidh Oona faoina cleachtas cruthaitheach chomh maith leis an saothar ealaíne ata le feiceáil in Ag Cothú an Dearmaid, a taispeantas reatha atá ar siúl sa Ghailearaí go dtí 31 Bealtaine.

————————————————————————————————————————

Oona Hyland is a visual artist and a recent graduate with an MA in art research and collaboration from IADT in Dublin (2022), an MPhil in Irish Art History TCD (2017) and studied Cinematography at BCFE. She has been on numerous international residencies and received The Emerging Artist Award from DLR, Dublin (2022). Oona was elected to The Royal Society of Painter/Printmaker in London (2021) and is a member of Graphic Studio Dublin and 9 Dragonheads.

At this talk Oona will speak about her creative practice as well as the artwork that can be seen in Active Forgetting, her current exhibition which runs at An Gailearaí until 31st May.

View Event →
Caint Ealaíontóra / Artist Talk with Eileen Fair & Taim Haimet
Apr
18
7:00 PM19:00

Caint Ealaíontóra / Artist Talk with Eileen Fair & Taim Haimet

Eileen Fair

English Version Follows

Bhain an t-ealaíontóir ildisciplíneach Eileen Fair, atá lonnaithe i nGaillimh, BA (Onóracha) in Ealaín Chomhaimseartha – cleachtas 3D amach, ag fáil Gradam Sármhaitheas Acadúil 2023 an ATU.

Mar ealaíontóir atá dall ó thaobh an dlí de, thug sí a tríú bliain san ATU do shaothar a chruthú a d’ardódh feasacht ar chaillteanas radhairc agus daille. Ba iad Saolta Arts, Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, a d’óstáil an t-uafás oibre sin dá taispeántas deireadh bliana i mí Bealtaine/Meitheamh 2022.

Aistríodh leath den taispeántas aonair féinchoimeádaithe sin Through the Eye of a Needle go díreach chuig leabharlann champas an ATU agus tá sé fós le feiceáil, in éineacht le hirisí cruthaitheacha agus taighde an ealaíontóra. Idir an dá linn, tá a léachtaí aoi, cur i láthair PowerPoint agus scríbhneoireacht acadúil á roinnt ag a léachtóirí ar mhaithe le mic léinn amach anseo.

Faigheann Eileen inspioráid ón dúlra ach tá speis aici i gcúrsaí sóisialta chomh maith. De ghnáth bíonn a cuid taighde mionchúiseach agus a fiosracht nádúrtha ag dul i ngleic le réimsí na healaíne, na heolaíochta, na cinéitic agus na luibheolaíochta. Déanann sí cur síos ar a cuid spéiseanna iolracha mar “giúmar na huaire” b’fhéidir ag bogadh ó phéinteáil ainmhí in olaí lá amháin, go dtí cnuasach ‘réad aimsithe’ an chéad lá eile.

Tá boinn buaite ag an ealaíontóir cumasach ilghnéitheach seo agus dhá ‘Dhuaiseanna Rogha an Phobail’ in Bloom as a cóiriú bláthanna dealbhóireachta. Tá saothar meán measctha Eileen réamhroghnaithe ag Taispeántais Bhliantúla an RHA agus an RUA, agus roghnaigh agus dhíol an RHA a bróidnéireacht in 2022.

Tá an-tábhacht ag baint le hábharthacht don ealaíontóir seo. Is minic a nascann a cuid oibre ábhair bhunúsacha in aice láimhe le réada aimsithe claonta, rud a fhágann cruthuithe atá níos áille nó níos doimhne sa dara saol.

Tugann taispeántas iarchéime Eileen, Ethereal Playground, atá ar taispeáint sa Gailearaí faoi láthair, aghaidh ar oidhreacht na n-institiúidí máithreacha agus leanaí in Éirinn. Ghlac an pobal go mór leis, cuireadh ar an ngearrliosta do Ghradam Cónaitheachta Dánlann 126 é agus cuireadh ar an liosta fada é do Ghradaim Amharcealaíona an RDS 2023.

Mothaíonn sí go mór leis an tionchar a bhí ag an stair chráite seo ar mharthanóirí agus a dteaghlaigh agus leanfaidh sí ag tacú leo agus iad ar thóir aitheantas, dí-adhlacadh, adhlacthaí dínit, ceartas aisiríoch agus cuimhneacháin chuí.

I bhfocail an staraí agus gníomhaí iomráiteach Catherine Corless: “Eileen...tá tú tar éis muid a thabhairt go croílár tragóid na leanaí i dTuaim.”

Galway based multi-disciplinary artist Eileen Fair has just completed her BA (Hons) in Contemporary Art – 3D practice, also receiving the ATU Academic Excellence Award 2023.

As a legally blind artist, she dedicated her third year in ATU to creating work that would raise awareness about sight loss and blindness. That immense body of work for her end-of-year exhibition was hosted by Saolta Arts, Galway University Hospital, through May/June 2022.

Half of that self-curated solo exhibition Through the Eye of a Needle was transferred directly to the ATU campus library and remains on view, alongside the artist’s creative and research journals. Meanwhile, her guest lecturing, PowerPoint presentations and academic writing are being shared by her lecturers for the benefit of future students.

Eileen is inspired by nature but equally concerned about social issues. Her meticulous researchand natural curiosity usually find her delving into realms of art, science, kinetics and botany. She describes her multiple interests as “the mood of the moment” perhaps moving from an animal painting in oils one day, to a ‘found object’ assemblage the next.

This diversely talented artist has won medals and two ‘People’s Choice Awards’ in Bloom for her sculptural floral arrangements. Eileen has had her mixed-media work pre-selected by the RHA and RUA Annual Exhibitions, and her embroidery was selected and sold by the RHA in 2022.

Materiality matters to this artist. Her work often combines rudimentary materials juxtaposed with subverted found objects, resulting in creations that are more beautiful or more profound in their second life.

Eileen’s graduate exhibition Ethereal Playground boldly addresses the legacy of mother and baby institutions in Ireland. It has been well received by the public, also being short-listed for a 126 Gallery Residency Award and long-listed for the RDS Visual Arts Awards 2023.

She feels very moved by the impact this harrowing history has had on survivors and their families and will continue to support them in their quest for acknowledgement, exhumation, dignified burials, restorative justice and appropriate memorialisation.

In the words of the esteemed historian and activist Catherine Corless: “Eileen ... you have brought us to the core of the tragedy of the Tuam babies.”

Taim Haimet

English Version Follows

Chríochnaigh Taim Haimet céim Onóracha san Ealaín Chomhaimseartha in 2023 agus tá sí faoi láthair ag déanamh Máistreachta i gCleachtas Cruthaitheach san ATU, Gaillimh.

Rugadh sa Fhrainc de thuismitheoirí Siria, déanann saothar Taim Haimet iniúchadh ar oidhreacht féiniúlachta an Mheán-Oirthir atá fite fuaite go domhain le stair an choilíneachais, an chogaidh leanúnaigh agus an chaillteanais. Tá an cheist faoin áit a gcuirimid an nóisean ‘Naofa’ ar a bhfuil caillte, nó ar a bhfuil fágtha, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, ag croílár a cuid taighde.

Ag tarraingt as béaloideas Arabach, filíocht agus misteachas, samhlaíonn sí ‘spásanna naofa’ inar féidir na scéalta seo a urramú go siombalach agus a bhaineann leis an saol comhaimseartha. Ag teacht ó chúlra téatair (Conservatoire Charles Munch i bPáras 2006-2009) faightear a cleachtas ar iasacht ó chóid amharclainne i stáitsiú an spáis agus na hinsinte, agus an tábhacht a thugtar do guth an duine mar mheán ann féin. Eascraíonn a saothar ó scéalta teaghlaigh, eispéiris phearsanta agus teagmhálacha, a fhorbraíonn ina gcreat de shuiteálacha scéal-bhunaithe arna gcur in iúl trí dhealbhóireacht, fhís agus fhuaim.

Bhuaigh Taim Gradam Ealaíne an RDS Taylor ag Gradaim Amharc-ealaíne an RDS 2023 a bhí á óstáil ag IMMA áit ar chuir sí ar taispeáint in éineacht le healaíontóirí eile atá ag teacht chun cinn.Taim Haimet completed an Honours degree in Contemporary Art in 2023 and is currently pursuing a Masters Degree in Creative practice at the ATU, Galway.

Born in France of Syrian parents, Taim Haimet’s work explores the inheritance of a Middle Eastern identity deeply intertwined with a history of colonialism, continuous war and loss. The question of where we place the notion ‘Sacred’ on what is lost, or on what is left, individually or collectively,is at the heart of her research.

Drawing from Arab folklore, poetry and mysticism, she imagines ‘sacred spaces’ where these narratives can be honored symbolically and resonate with the contemporary world. Coming from a theatre background (Conservatoire Charles Munch in Paris 2006-2009) her practice borrows from theatrical codes in the staging of space and narrative, and the importance given to the

human voice as a medium in and of itself. Her work stems from family stories, personal experiences and encounters, which develop into frameworks of narrative-based installations expressed through sculpture, video and sound.

Taim won the RDS Taylor Art Award at the RDS Visual Art Awards 2023 which were hosted at IMMA where she exhibited alongside other emerging artists.

View Event →
Caint Ealaíontóra / Artist Talk - Moira McIver
Nov
16
7:00 PM19:00

Caint Ealaíontóra / Artist Talk - Moira McIver

Moira McIver is a lens-based artist living between N.Ireland and Donegal. Her work includes photography, video, installation, publication, and public art. She is a lecturer in Fine Art and teaches photography and video within the BA honours Fine Art course, at Belfast School of Art.

Moira's projects are often based on historical events and the interplay between mainstream perspectives and individual experience and recollection. She researches first-hand accounts and popular local myths and stories to explore overlooked and under-represented viewpoints.

McIver works across a range of digital and analogue lens-based media to explore how our sense of the physical remains vital to our perception and interpretation of history. She undertook a residency in Glasgow in 2021 as part of an exchange between Street Level Photoworks, Glasgow and Artlink, Donegal. Her artwork has been exhibited nationally and internationally. In 2022, her work was included in the National Photography Collection Inaugural Exhibition, Dublin and her photography is held in collections including the Victoria & Albert Museum (London) the Royal Armouries Museum (Leeds), GT Gallery (Belfast).

At this Artist Talk Moira will walk her audience around her current exhibition, Migration Memories.

Migration Memories derives from a series of art projects developed since the 1980s, originally based on archival documents and family photographs. The subsequent projects have used a range of media from large-format film cameras to digital scanners. These artworks explore the experience of migration between Donegal and Glasgow from the 1920s to the present day, and how this shapes a sense of identity, particularly from a female perspective. McIver has focused on recent generations of her family, including her mother who migrated at the age of sixteen, from Donegal to Glasgow in 1945, with Gaelic as her first language. Through the exploration of historical photographic traditions including studio portraiture and the box brownie snapshot, McIver attempts to reframe these experiences from a contemporary perspective.

This is a free event and all are welcome to attend.

- - - - -

Is ealaíontóir lionsa-bhunaithe í Moira McIver a chónaíonn idir Tuaisceart Éireann agus Co. Dhún na nGall. Áirítear ina cuid oibre grianghrafadóireacht, físeáin, suiteán, foilsiú agus ealaín phoiblí. Is léachtóir sa Mhínealaín í agus múineann sí grianghrafadóireacht agus físeáin mar chuid den chúrsa BA Onóracha Mínealaíne, i Scoil Ealaíne Bhéal Feirste.

Is minic a bhíonn cuid tionscadal Moira bunaithe ar imeachtaí stairiúla agus ar an idirghníomhú idir peirspictíochtaí príomhshrutha agus taithí agus cuimhne an duine aonair. Déanann sí taighde ar chuntais phearsanta agus ar mhiotais agus ar scéalta áitiúla chun tuilleadh a fháil amach faoi dhearcthaí a ndéantar dearmad orthu agus nach bhfuil dóthain ionadaíochta déanta orthu.

Oibríonn McIver le raon meán digiteach agus analógach lionsa-bhunaithe chun a fháil amach conas a fhanann ár mbraistint fhisiciúil ríthábhachtach dár ndearcadh agus dár léirmhíniú ar an stair.

Bhí sí ar chónaitheacht i nGlaschú sa bhliain 2021 mar chuid de mhalartú idir Street Level Photoworks Ghlaschú agus Artlink Dhún na nGall. Sa bhliain 2022, bhí a saothar mar chuid de Thaispeántas Tionscnaimh an Bhailiúcháin Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Baile Átha Cliath agus coinnítear a cuid grianghrafadóireacht i mbailiúcháin lena n-áirítear Músaem Victoria & Albert (Londain), Músaem na nArmairí Ríoga (Leeds), Dánlann GT (Béal Feirste).

Ag an caint seo siúlfaidh Moira an lucht eisteachta thart ar a taispeántas reatha, Cuimhní na Coigríche.

Tagann Cuimhní na Coigríche ó shraith tionscadal ealaíne a forbraíodh ó bhí na 1980idí ann, bunaithe ar dtús ar dhoiciméid chartlainne agus grianghraif teaghlaigh. Bhain na tionscadail a tháinig ina dhiaidh sin úsáid as réimse meáin, ó ceamaraí le scannáin mhóra go scanóirí digiteacha. Déanann na saothair ealaíne seo cíoradh ar eispéiris na himirce idir Dún na nGall agus Glaschú ó na 1920idí go dtí an lá atá inniu ann, agus an dóigh a mhúnlaíonn sé seo braistint féiniúlachta, go háirithe ó thaobh na mban de. Dhírigh McIver ar na glúnta deireanacha dá teaghlach, máthair ina measc. Chuaigh sí ar imirce sa bhliain 1945 ó Dhún na nGall go Glaschú ag sé bliana déag d’aois, agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga aici. Trí staidéar a dhéanamh ar thraidisiúin ghrianghrafadóireachta stairiúla lena n-áirítear portráidíocht stiúideo agus pictiúr box brownie, déanann McIver iarracht na heispéiris seo a athfhrámú ó pheirspictíocht chomhaimseartha.

Imeacht saor in aisce agus fáilte roimh achan duine.

View Event →
Caint Ealíontóra/Artist Talk - Moira McIver
Nov
7
3:30 PM15:30

Caint Ealíontóra/Artist Talk - Moira McIver

Is ealaíontóir lionsa-bhunaithe í Moira McIver a chónaíonn idir Tuaisceart Éireann agus Co. Dhún na nGall. Áirítear ina cuid oibre grianghrafadóireacht, físeáin, suiteán, foilsiú agus ealaín phoiblí. Is léachtóir sa Mhínealaín í agus múineann sí grianghrafadóireacht agus físeáin mar chuid den chúrsa BA Onóracha Mínealaíne, i Scoil Ealaíne Bhéal Feirste.

Is minic a bhíonn cuid tionscadal Moira bunaithe ar imeachtaí stairiúla agus ar an idirghníomhú idir peirspictíochtaí príomhshrutha agus taithí agus cuimhne an duine aonair. Déanann sí taighde ar chuntais phearsanta agus ar mhiotais agus ar scéalta áitiúla chun tuilleadh a fháil amach faoi dhearcthaí a ndéantar dearmad orthu agus nach bhfuil dóthain ionadaíochta déanta orthu.

Oibríonn McIver le raon meán digiteach agus analógach lionsa-bhunaithe chun a fháil amach conas a fhanann ár mbraistint fhisiciúil ríthábhachtach dár ndearcadh agus dár léirmhíniú ar an stair.

Ag an caint seo siúlfaidh Moira an lucht eisteachta thart ar a taispeántas reatha, Cuimhní na Coigríche.

Imeacht saor in aisce & fáilte romhaibh uilig. Beidh an caint é féin i mBéarla.

Moira McIver is a lens-based artist living between N.Ireland and Donegal. Her work includes photography, video, installation, publication, and public art. She is a lecturer in Fine Art and teaches photography and video within the BA honours Fine Art course, at Belfast School of Art.

Moira's projects are often based on historical events and the interplay between mainstream perspectives and individual experience and recollection. She researches first-hand accounts and popular local myths and stories to explore overlooked and under-represented viewpoints.

McIver works across a range of digital and analogue lens-based media to explore how our sense of the physical remains vital to our perception and interpretation of history.

At this Artist Talk Moira will walk her audience around her current exhibition, Migration Memories.

This is a free event and all are welcome. The talk will be in English.

View Event →
Caint Ealaíontóra - Artist Talk
Oct
19
7:00 PM19:00

Caint Ealaíontóra - Artist Talk

Beidh Caint Ealaíontóra ag An Gailearaí leis an ealaíontóir, coimeádaí agus oideachasóir Andrew Duggan.

Déanann Andrew a shaothar físe, suiteáin agus tionscadal iniúchadh ar na caidrimh chasta idir é féin agus áit. Tá a shuiteán 'Tuath – an cuairteoir - the visitor' le feiceáil sa Gailearaí go dtí 21 Deireadh Fómhair.

Ag an chaint seo labharfaidh Andrew faoina thaispeántas reatha chomh maith lena phróiseas cruthaitheach.

Is imeacht dátheangach saor in aisce é seo agus tá fáilte roimh achan duine ar Déardaoin 19 Deireadh Fómhair ag 7in at An Gailearaí, Ionad Áislann, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, F92 PT38.

---

There will be an Artist Talk at An Gailearaí by the artist, curator and educator Andrew Duggan.

Andrew's video works, installations and projects explore the complex relationships between the self and place. His installation “Tuath - an cuairteoir - the visitor” can be seen in the gallery until 21 October. In his talk Andrew will discuss his current exhibition as well as his creative process.

This is a free, bilingual event and all are welcome to attend on Thursday 19 October at 7pm at An Gailearaí, Ionad Áislann, Gweedore Business Park, F92 PT38.

View Event →