


SÉAMUS Ó SEARCAIGH (1886–1965)
Ainm Cleite Ó Chúige Uladh
Tá sé ar dhuine den bheagán cainteoirí dúchais a chuaigh le hardléann na Gaeilge i mblianta tosaigh an chéid agus ba é an duine ba mhó díobh, b’fhéidir, a chaith a dhúthracht le gramadach agus le foghraíocht na teanga.
Sa Chruit in aice le Cionn Caslach, Dún na nGall, a rugadh é 21 Meán Fómhair 1886, dar leis féin san iontráil in The Celtic Who’s Who (1921). Fuair a athair Maghnus bás nuair a bhí Séamus sna luathdhéaga. Ba í Máire Ní Dhomhnaill a mháthair. Triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha a bhí aige. Ba é an múinteoir a bhí aige i Scoil Oileán na Cruite Antoine Ó Dochartaigh, fear a raibh cáil na Gaeilge air. Nuair a bhuaigh seisean ceann de dhuaiseanna an Chliabhraigh do mhúineadh na Gaeilge ba é Séamus a luadh mar an dalta ab fhearr aige. Chloiseadh Séamus seanchas agus seanscéalta ag na comharsana a bhíodh ag airneál i dteach a athar oícheanta geimhridh.
Fostaíodh é mar mhúinteoir taistil 1903 agus chaith sé tamaill i Machaire Rátha, i nDún Dealgan, i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Fhirdhia. Chaith sé téarma i gColáiste na Mumhan 1905 agus bhain dintiúirí múinteora amach. D’fhreastail sé ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh an bhliain dár gcionn. In 1906 freisin bhí sé ar na chéad ollúna a ceapadh i gColáiste Uladh i gCloich Cheann Fhaola. Bhí baint aige leis an gColáiste go dtí deireadh a shaoil, mar ollamh, mar rúnaí ar feadh scór bliain, agus mar uachtarán ó 1951 ar aghaidh. Ag Oireachtas 1956 bhuaigh sé duais ar stair na coláiste a scríobh. D’fhág na teagmhálacha luatha sin aige le Muimhnigh agus le Connachtaigh go raibh meas aige ar na canúintí go léir.
Ó 1907 amach ba é a bhí ag soláthar míreanna nuachta do An Claidheamh Soluis faoin teideal ‘Ó Chúige Uladh’.
Deirtear gurbh é ba thúisce, b’fhéidir, a mhisnigh Séamus Ó Grianna chun dul le scríbhneoireacht nuair a d’fhoilsigh sé scéal a fuair sé uaidh sa dara heagrán de Cloich Cheannfhaolaidh.
Ghlac sé le tairiscint ó Sheán Ó Catháin chun bheith ina ollamh i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste agus chuir sin ar a chumas freastal a dhéanamh ar Ollscoil na Ríona. Bhí an máithreánach déanta aige, agus bhí an Fhraincis foghlamtha aige i bPáras, mar a raibh aint aige sna mná rialta. B’in í an Mháthair Godric Ní Dhomhnaill de Ord N.Seosamh Cluny, bean ar bronnadh an Legion d’Honneur uirthi mar gheall ar a cuid oibre in Institiúid Pasteur.
Tar éis dó BA a fháil in 1914 scríobh sé tráchtas ar Ghaeilge Chúige Uladh le haghaidh MA agus foilsíodh é mar Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (1923). Ní hé an chuid is lú dá thábhacht na samplaí go leor atá ann den Ghaeilge a chuala Séamus á labhairt anseo is ansiúd ar fud an chúige. Óna mháthair féin a fuair sé na samplaí de chanúint na Rosann.
Faoi Aibreán 1911 bhí sé ina bhall de Choiste Stiúrtha Choláiste Chomhghaill.
In 1919 fostaíodh é mar mhúinteoir i gColáiste Mhaolmhaodhóg, Béal Feirste. D’aistrigh sé go Coláiste Thír an Iúir i mBaile Átha Cliath 1929 agus bhí mar ollamh i gColáiste Laighean freisin go 1942. Fuair sé dochtúireacht 1932 agus ó 1933 go 1955 bhí sé ina léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ó 1943 go 1957 bhí sé ag múineadh Breatnaise agus Sean-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad.
D’éag sé 8 Aibreán 1965. Bhí sé pósta le Mary Agnes Cassidy ó Dhroim Bairr in aice le Baile Dhún na nGall agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Ba dheartháir le Séamus an scríbhneoir Eoin Ó Searcaigh, duine d’eagarthóirí an Ghúim, a d’éag 17 Meán Fómhair 1963.
Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus Scéaltaí Eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gCleas agus Sgéalta Eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na nÉan agus Scéaltaí Eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios Feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na Tuigse (1940); Scéaltaí as an tSean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967).


PROINNSIAS Ó BRÓGÁIN, (1905–1997)
Sa Sruthán, gar don Fhál Carrach i gContae Dhún na nGall, a rugadh é ar 12 Meitheamh 1905. Ba iad Jeaic Ó Brógáin, feirmeoir, agus Méabha Ní Dhúgáin (Madge atá uirthi sa taifead beireatais) a thuismitheoirí. Bhí beirt deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aige. I scoil náisiúnta Ghort a’Choirce a cuireadh bunoideachas air. Thug na múinteoirí ansin faoi deara go raibh éirim agus agra chinn aige. Ina dhiaidh sin d’fhreastail sé ar Choláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, agus ansin chaith tamall ag freastal ar an Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath. Thugadh sé ceachtanna príobháideacha Gaeilge, Matamaitice agus Gréigise sa chathair 1923-26. Fuair sé post buan leis na mórdhíoltóirí Carton agus bhí sé ina bhainisteoir creidmheasa acu. Thosaigh sé ag scríobh in An Reult, Irish Independent, An Phoblacht agus Scéala Éireann.
Bhí sé ar dhuine de na haistritheoirí a bhí ag soláthar don Ghúm sna blianta tosaigh. Ar na leabhair a d’aistrigh sé tá Páistí na Nua-fhoraoise, 1933 (Children of the New Forest le Captain Frederick Marryat); Píobaire Sídhe Ghleann Mhaoiliúra, 1933 (The Fairy Minstrel of Glenmalure le Edmund Leamy); Eachtraí Sherlock Holmes, 1936 (le A. Conan Doyle); Saighdiúir de Shlua Uí Néill, 1935 (With the Army of O’Neill le T.A. Finlay); Scéalta don Aos Óg, 1935 (le Hans Christian Andersen); Oileán an Uathbháis 1937 (Island of Terror le H.C. McNeile, ‘Sapper’); Faoi’n Róba Dhearg, 1937 (Under the Red Robe le Stanley J. Weyman).
Léadh sé an nuacht ar Radio Éireann. D’éirigh sé cairdiúil le Pilib Ó Floinn, aisteoir, agus ghlacadh sé páirt i ndrámaí Amharclann na Mainistreach. Bhí sé ghníomhach i gCumann Thír Chonaill ón tús, é ina uachtarán agus ina chathaoirleach air. Thugadh sé léachtaí ar fud na tíre ar ábhar a bhain le Tír Chonaill. Deir Pádraig Ó Baoighill: ‘Ba mhór a chabhair fosta don chiste cuidithe do Bháthadh Árainn Mhór.’ Phós sé bean as Baile an Chnocáin, Co. Cill Mhantáin. Bhí mac acu, Seán agus bhí cónaí orthu i nDroimeanach, Baile Átha Cliath. Bhí Proinnsias ina chónaí ina aonar ó cailleadh a bhean. D’éag sé 26 Bealtaine 1997.


AN CANÓNACH PÁDRAIG MAC GIOLLA CHEARA, (1888–1956)
I nDumhaigh Mhór i bhFánaid, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 10 Samhain 1888. Charles Kerr, feirmeoir, agus Catherine, ar de mhuintir Mhic Giolla Cheara freisin í, a thuismitheoirí. Ní raibh aon Bhéarla aige go raibh sé tuairim deich mbliana d’aois. Óna mháthair a fuair sé seaneagnaíocht na Gaeilge, na mílte seanfhocal agus na céadta rann, deirtear. Thaithíodh sé teach Phaidí Rua ar an gCnoc Bán, áit mhór airneáil, agus chloiseadh sé neart de sheanchas na dúiche ann. D’fhoilseodh sé cuid den seanchas sin ar ball.
I Scoil Náisiúnta an Chaisil a bhí sé sula ndeachaigh sé isteach sa chliarscoil i Leitir Ceanainn mar a raibh Séamus Ó Creag mar ollamh Gaeilge aige. Oirníodh ina shagart i Maigh Nuad é 1914. I 1912, bhí ‘Dán an Toir’, a fuair sé óna mháthair, in eagar aige in Irisleabhar Mhaigh Nuat. Chaith sé tamall i mbun staidéir in institiúid Dhún Búinne i ndiaidh a oirnithe.
Chaith Pádraig cuid mhaith de bhlianta an Chogaidh Mhóir ina shéiplíneach airm san Fhrainc agus sa Bheilg. I mBéarla in An Crann a bhí an chéad litir a sheol sé abhaile ón bhfronta i 1917 ach is i nGaeilge a bhí an chuid eile. Bhí sé ag múineadh diagachta i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath, ó 1919 go 1921. Ceapadh é ina uachtarán ar Choláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn i 1930. Bhí sé rannpháirteach i Halla Mhuire, Conmhaigh, an bhliain chéanna sin sa chéad chraoladh raidió riamh ó Thír Chonaill. Ba é a thug na seanmóirí Gaeilge ag Comhdháil Eocairisteach 1932 i mBaile Átha Cliath. Ó 1944 go bhfuair sé bás 3 Aibreán 1956 bhí sé ina shagart paróiste i gCloich Cheann Fhaola. Rinneadh Ard-Deochan de tamall roimh a bhás.
Bhí Pádraig ina bhall de Chomhaltas Uladh, ar choiste Choláiste Uladh, ina bhall de Choimisiún na Logainmneacha agus den Chomhairle Oideachais (1950).
Is mar scríbhneoir ar chúrsaí creidimh is mó a chuimhnítear air. Ba é a mhórshaothar náLeabhar an Aifrinn fá choinne na nDomhnach, na bPríomhfhéilte agus na nÓcáid is mó san Bhliain a d’fhoilsigh Comhaltas Uladh i 1948. Scríobh sé freisin Díon-chruthughadh an Chreidimh; nó Apologeitic, 1936; Foras Feasa na hEaglaise, 1937; Teagasc Morálta na hEaglaise, 1938; Stair na hEaglaise i gComhair na Meadhon-Scol, 1941–49; an Gúm a chuir amach na trí leabhar sin. Aistriúchán is ea Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na nAspal 1943 a d’fhoilsigh Comhaltas Uladh. Aistriuchán leis is ea An Croí Naofa agus an tSagartacht, 1957 (Le Sacré Coeur et la Sacerdoce le Louise Mairéad de la Touche).
Bhí spéis mhór aige sa dúlra agus scríobh sé péire leabhar a bhí ar chlár na meánscoileanna: Ceachta as Leabhar na Cruinne, 1940; Súil Thart ar an Dúlra, [1945]. Bhí aistí i gcló aige in An tUltach, Inniu, Capuchin Annual, Donegal Annual, An Síoladóir, An Phoblacht agus in áiteanna eile.


AN tATHAIR EOGHAN Ó COLM. (1917-1981)
Scríobh an sagart seo Toraigh na dTonn, 1971. Tugadh eagrán nua amach i 1995. San Ardaí Bheag, i gceantar Gort a’Choirce, Co. Dhún na nGall a rugadh é ar an 18 Lúnasa 1917. James Columb agus Mary Columb a thuismitheoirí agus Owen an t-ainm a tugadh air. Bhí cúigear deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha. Tar éis bunoideachais i nDoire Chonaire fuair sé meánoideachas i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, agus oirníodh é i Maigh Nuad i 1945. Chaith sé aon bhliain déag i Sasana agus i 1956 ceapadh é ina shagart cúnta i mBaile na Finne. Ceapadh é i dToraigh an bhliain chéanna agus bhí ann go 1962 nuair a cuireadh go paróiste Fhánada é. Chaith sé tamall freisin i gCarraig Airt agus i mBaile na Finne. Ceapadh ina shagart paróiste in Anagaire é i Meitheamh 1975. Bhí sé tinn le tamall fada sular cailleadh é in Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe 13 Feabhra 1981. Cuireadh in Anagaire é.
Bhí cáil air mar shaor bád – rinne sé bád dó féin istigh i dToraigh - agus d’eagraigh sé ranganna i Rann na Feirste agus i mBaile na Finne. Bhunaigh sé miontionscadal bád sa bhaile deireanach sin. Is cosúil go raibh bailiúchán de ghearrscéalta scríofa aige, agus le linn dó bheith in ospidéal go raibh úrscéal dar teideal Palach Ó Dochartaigh á scríobh aige. Ag Oireachtas 1960 bhuaigh sé duaiseanna ar aiste eolais agus ar ghearrscéal. Tá aiste dar teideal An Ghaedhilg scríofa ag ‘An tAthair Eoghan Mac Coluim’ in Coláiste Uladh 1906 – 1956 ina moltar an teanga agus bailte beaga Chloich Cheann Fhaola ó na sléibhte go Machaire Rabhartaigh agus Toraigh amuigh.
Toraigh na dTonn
……..!Tá bunadh Thoraí mórtasach maíteach as an lá inniu ach choinnigh siad ancaire ar an lá inné. Le cois sin a dhéanamh, chruthaigh siad nach bhfuil sé riachtanach an seansaol a thréigean nuair a gheibheann daoine seilbh ar bhuntáistí an tsaoil úir. Thaispeáin siad go dtig leis an dá cheann cónaí taobh le taobh. Is iomaí uair a smaoinigh mé gur mór an gar go raibh Toraigh suite mar a bhí sé. San am a chuaigh thart bhí sé ina áit dídine acu siúd a bhí ar a seachaint óna naimhde, ach bhí sé ina áit fhoscaidh chomh maith ag mórán de shibhialtacht na tíre, ní ag sibhialtacht Thír Chonaill agus Dhoire amháin, ach Slig. each agus Maigh Eo fosta agus chomh fada ar shiúl le Gaillimh. Phioc na hiascairí agus na mairnéalaigh suas í ar a dturais go dtí na poirt chúil seo agus thóg leo abhaile í i gcuideachta an éisc agus na n-earraí. Tá sí beo san oileán ó shin. Gadaíocht agus foghlaíocht a bhí ann de chnuasach ealaíne annamh.
Cibé ar bith, sin an leabhar agus na máistrí a ndeach. aigh mé ag freastal scoile acu. Daoine iad nach bhfuil de chéimíocht acu ach go raibh siad maith ag cluaisínecht le linn a n-óige, go bhfuil scoth na cuimhne acu, go hi siad maith ag scéalaíocht agus aoibhneach pléisiúrtha le
héisteacht leo. Ba é an "crípí” nó an stól beag mo shuí ochán, an chlúid go balla agus na comharsana mo chuid eachta. mic léinn nach bhfuil tóraíocht gradaim ná onor acha ar bith ag cur as dóibh, ach fonn orthu go díreach oíche fhada gheimhridh a chur thart go suáilceach”……..
Lth 40-41

MICÍ MAC GABHANN (1865–1948)
Ainm eile: Micí Thomáis
I nDoire Chonaire in aice le Machaire Rabhartaigh, Cloich Chionn Fhaola, Co. Dhún na nGall a rugadh é ar 22 Samhain 1865. Tomás a athair agus Bríd Ní Chanainn a mháthair. Bhí 11 duine eile sa chlann acu agus bhí fíorbheagán talaimh acu. Chaith an t-athair mí i bpríosún toisc buidéal poitín bheith sa teach. Fuair sé bás de dheasca na míosa sin. Ní raibh na naoi mbliana féin slán ag Micí nuair ab éigean dó bheith ag sclábhaíocht ó Bhealtaine go Samhain ar aimsir ‘ar an Lagán’ ar £1.50. Chuaigh sé ar scoil i Machaire Rabhartaigh ach ó nach raibh focal Béarla aige féin agus gan focal Gaeilge ag an máistir bheadh sé chomh maith aige ‘bheith amuich ar Inis Dubhthaigh i gcuideachta na gcaorach’, mar a dúirt sé féin. Maidir leis an aibítir a fhoghlaim ba mhó an cúnamh a thugadh seanchomharsa dó nuair a tharraingíodh sé na litreacha ar chláir an urláir le slat saileoige a raibh a barr dóite.
Chaith sé cúig shéasúr in Albain sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá. Thug sé bliain ag folmhú bád agus ag obair i monarcha iarainn in Bethlehem, Penn., agus seacht mbliana i mianaigh airgid Montana mar ar fhoghlaim sé gach rud a bhain le ceird an mhianadóra. Nuair a beartaíodh ar chuid de na mianaigh sin a dhúnadh toisc an tóin bheith tite as an margadh thug Micí aghaidh ar an Klondyke agus ar ruathar an óir a bhí sa tsiúl ann. Bhí sé féin agus a chomrádaithe cúig mhí ag taisteal, iad ag fulaingt gach sórt anró, sular bhain siad Dawson City amach roimh Nollaig 1898. Chaith sé trí bliana go leith ag tochailt don ór agus d’fhill abhaile ansin i 1901 le cnapán óir lenar cheannaigh sé teach mór, agus phós Máire Dixon in 1902. Thóg siad 11 ghasúr.
Casadh Micí agus Seán Ó hEochaidh ar a chéile ag Aonach Ghort a’Choirce ar 6 Aibreán 1941. Bhí Seán ag bailiú béaloidis do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Phós sé iníon Mhicí i bhfómhar 1943 agus chuaigh chun cónaithe i dteach Mhicí. Chuir sé ardspéis i seanchas beo an tseanduine agus d’éirigh leis na heachtraí go léir atá in Rotha Mór an tSaoil(1959) a thaifeadadh. Chuir Proinsias Ó Conluain eagar air agus bhuaigh an leabhar sin Duais an Chlub Leabhar in 1958. Na heachtraí a bhain dó in Alaska chuirfeadh siad ‘eanglach ar do mhéara agus d’fhágfadh do chár ag grealladh ar a chéile’, mar a dúirt Seán Ó hEochaidh. D’aistrigh an file agus an taidhleoir Valentin Iremonger (1918 – 91) go Béarla é: The Hard Road to Klondyke, 1973. Rinneadh cúpla leagan de scéal Mhicí Thomáis don scáileán beag agus don scáileán mór araon.
Fear ionraic fírinneach, fear cnámhach urrúnta láidir, fear tobann tintrí a bhí ann, is cosúil. D’éag Micí Mac Gabhann ar 29 Samhain 1948.

Rotha Mór an tSaoil. 1959
……..”Cha rabh iontas ar bith ar dhóigh go rabh na hIndiaigh seo mar bhí siad. Cha rabh siad ag fáil suaimhnis ná sócmhail in áit ar bith. Thigeadh siad chuig gleanntán beag den tsórt a bhfuil mé ag trácht air agus thógadh siad tithe beaga adhmaid dóibh féin. Ansin théadh siad a dh'obair ar an talamh gharbh a bhí ann rompu go dtí go mbeadh machaire mín déanta acu de fad amhairc do shúl.* Comh luath agus a chluineadh údaráisí Mheiriceá go rabh seo déanta acu, chuireadh siad amach arm mór saighdiúirí as sibhialtacht Mheiriceá le scaoll a chur iontu níos faide siar in iargúltacht na gcnoc. Ba mhinic a chaithfeadh na saighdiúirí cath cruaidh a throid leis an tóir a chur orthu agus ba mhinic ab éigean dóibh an dara cath no an tríú cath a throid sula n-éiríodh leo a mbriseadh agus an ruaig a chur orthu. Sheasadh siad amach go cróga ag dréim lena ngreim a choinneáil ar an talamh ar oibir siad go cruaidh ar a shon, ach sa deireadh chaith feadh siad géilleadh do thréan na bhfear agus na n-arm a bhíodh os a gcoinne agus teitheadh leo ar a gcúl isteach sna sléibhte. Fear santach inteacht den mhuintir bhana - fear fabhair nó plandóir nach rabh coinsias arbade aige-a gheobhadh an talamh ansin. Troideadh na céadta cath idir an fear bán agus an fear dearg sa tír seo a bhí hort orainne agus ba mhíle minic a chuala mé scéalta fá Custer's Last Stand' agus fán chogadh uilig a bhí ann leis an Sioux tuairim ar fhichid bliain roimhe seo. Thart fán Bitter-Root River a tharla a lán den troid agus cha rabh an abhainn sin i bhfad uainne ar chor ar bith.
Na hIndiaigh a bhí fágtha thall is abhus, bhí droch dhóigh orthu agus bhíodh ár sáith truaighe againne dóibh --sinne ar éirigh an rud céanna dúinn féin sa bhaile in Éirinn. Thuig muidinne a gcás go maith. Thuig muid an dúil a bhí acu i dtalamh a sinsear agus an fonn a bhí orthu a gcuid a shaothrú agus a nósannaí agus a mbéasaí féin a chleachtadh gan cur isteach ón mhuintir bhána. Bhí muid féin ag cur isteach orthu, is dóiche, comh maith le duine ar bith eile, ach ar a laghad thuig cuid againn, má bhí siad rud beag fiáin féin, nár gan siocair a bhí siad amhlaidh”……..
Lth 104-105
……..”Chaith muid trí nó ceathair de bhlianta ar fad ag ohi i Klondike, agus má bhí muid ag déanamh airgid féin ni muid ag éirí tuirseach de sa deireadh. Bhí an chuid fhearr dár saol caite ag cuid againn go mínádúrtha - obair faoi thalamh san oíche mórán den am agus ines gcodladh sa lá. Is iomaí tráthnóna deas samhraidh bhí mo chroí féin á bhriseadh agus mé ag imeacht liom síos míle go leith faoi thalamh, isteach i bpoll dhuhn dhorcha, ag fágáil gréine i mo dhiaidh a bhruithfeadh on tsúil i do cheann. Ach chaithfinn a dhéanamh agus charbh é mo sháith* é. Is iomaí rud a chaithfeas duine a dhéanamh in éadan a thola nuair atá sé ag iarraidh gléas beatha a bhaint amach ar an iargúltacht. Bhi blianta fada caite agamsa ag gabháil d'obair mhaslach agus charbh iontas ar bith go rabh mé ag éirí tuirseach di. Idir an Lagán agus Albain agus na háiteacha ab iargúlta ar mhór-roinn Mheiriceá, cha rabh mórán só i ndán domh ón chéad lá a d'fhág mé an baile agus gan ionam ach gasúr. D'oibir mé go cruaidh i rith an ama sin uilig, ba iomaí contúirt mharfa a rith mé agus ba iomaí íospairt agus ampla a d'fhulaing mé, ach buíochas do Dhia thug mé na cleiteacha liom slán fríd an iomlán.
Nuair a ghlan muid suas ár gcuid óir i samhradh na bliana 1901 bhí an méid talaimh a bhí againn chomhair waith oibrithe uilig. Bhí an áit ag éirí iontach con inteach nó fán taca seo cha rabh tine ar bith dá gcuirimis síos nach dtiteadh tonnaí gainimh agus créafóige was ina diaidh. Bhí áiteacha a rabh an talamh uilig pollta againn suas go dtí fá ocht n-orlaí déag den vachtar agus bhí eagla ag teacht orainn go dtitfeadh an t-iomlán anuas sa mhullach orainn lá ínteacht agus nach bhfeicfí aon amharc ar aon duine againn go brách. Smaointigh muid ansin go m'fhearr dúinn adhmad a chur isteach ar Íochtar. Thosaigh mé féin agus fear eile agus chuir muid adhmad thart uilig sa pholl a rabh muid ag obair ann agus rinne muid comh sábháilte é agus dá mbeimis istigh i gcaisleán. Bhí muid sásta ansin tamall beag eile a chaitheamh faoi thalamh. Ach mar sin féin, ba ghairid uilig a d'fhan muid”……..
Lth 200-201

LILLIS Ó LAOIRE
As Gort a’ Choirce ó dhúchas, léachtóir, sinsearach le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Gaillimh. Cáil mhór air mar amhránaí sean nóis agus mar scoiláire ceoil. A shaothair i gcló go forleathan. Bright Star of the West; Joe Heaney - Irish Song Man 2011, Lillis Ó Laoire i gcomhphairt le Sean Williams.

Ar Chreag i Lár na Farraige. 2002
……..”Institiúid de chuid an phobail a bhí sa damhsa, locus classicus an laithrithe ina ndéanadh muintir an phobail léiriú ar an tallann a bhí ina measc dóibh féin agus do dhaoine eile. Bhí an-fhoirmeáltacht ag baint leis agus rinneadh an-bhainistiú air lena chinntiú go ndéanfaí oíche mhór den cheiliúradh ann. Bhí aidhmeanna ar leith ag an bhainistiú a bhain go díreach le cúrsaí foirme agus aeistéitice ag an leibhéal is bunúsaí, ach, mar a léiríodh, bhí coincheapa mothúchánacha ina ndúshraith ag na ceisteanna teicniúla agus, dá réir sin, na ceisteanna eiticiúla chomh maith. Ní ar mhaithe leo féin go hiomlán a bhí na slata tomhais theicniúla seo á gcur i bhfeidhm go docht daingean, cé gur sin an chosúlacht a bhí ar rudaí. Ba é an t-ardleibhéal mothúchánach an sprioc aéistéitiúil, i ndáiríre, agus ba sprioc é nach bhféadfaí a bhaint amach gan na damhsaí a bheith déanta i gceart agus gan gach siolla de na hamhráin a bheith i ndiaidh a chéile de réir thuiscintí comhroinnte an oileáin. B'ionann an aeistéitic a chomhlíonadh ar an leibhéal is bunúsaí agus forlámhas na beatha ar an bhás a chur in iúl. Gan amhras, b'idéal é sin nach bhféadfaí a bhaint amach go hiomlán choíche, ach mhair an t-idéal mar shamhail i gcónaí agus ba san iarracht ab fhearr a dhéantaí é a bhaint amach caighdeán na hoíche móire.
Is mithid dom anois aghaidh a thabhairt ar na mothúchánacha sin a luaigh mé ag deireadh na caibidle dei luachanna sin a bhí chomh tábhachtach sa phobal agus a chothaich an damhsa go comhfhiosach. O tharla gur trí mheán na teanga féin fhuasclaítear na coincheapa seo, agus gurb í an teanga an córas a mhúnlaíos ár dtuiscintí orthu, ní miste uirlisí na hantraipeolaíochta a úsáid i leith an chórais sin, ionas go dtabharfar míniú chomh hiomlán agus is féidir orthu agus ar a bhfuil i gceist leo i gcomhthéacs phróiseas cultúrtha Thoraí. Mar atá áitithe ag Gadamer (1989, 103):
Language has performed in advance the abstraction that is, as such, the task of conceptual analysis. Now thinking need only make use of this advance achievement.
Lth 177-178

PEIGÍ ROSE
D’fhoilsigh sí ‘An Chéad Chnusach, 1972-79’ sa bhliain 1991. Bhí am-toír ar a gcuid altanna san Ultach nuair a bhí sí i mbun pinn sna seachtóidí. Chaith sí go leor ama fá Chaiseal na gCorr mar is leír óna cuid cumadóireachta.
An Chead Chnuasach 1991
……..”Ní chodlóidh tú anocht. Knot to-nite Know weigh. Madraí ag tafann i do cheann. Ba ag búirthigh. Cait ag sceamhlaigh. Capaill ag seitrigh. Caoirigh ag méiligh. Gach ceann de na caoirigh sin ag méiligh. 1-2-3-4-5-6-7-8-9-10- ad infinightum . . . If you knead somebody ...
Agus anois an gceideann tú Pascal? Bíonn réasún ag an chroí ... Vive la France. An Rank. And File. Fill fill a rún ó. An Sagart Ó Dónaill ina mhinistir. Tut, tut. Ní fheicfidh sé an ghlóir. Ní mé an bhfaca. Cá bhfuil tú, a Shagairt Uí Dhónaill? Cá raibh tú i 1916? Faoin leaba? Mar a bhfuil na reds. Deargógaí. Scadáin. Bradáin. Gliomaigh. Tá an fharraige idir mé agus tú. La lontananza sai e come il vento. An ghaoth. Fhad is bheas uisce síos agus aníos Gaoth Dobhair ní thráfaidh mo shearc. Amaidí. Pure rubbish. Unadulterated nonsense. Seafóid. Aiféis. Raiméis. Brilléis. Fastaím. Díth chéille. Priosla. Smaois. Siodráil. Truflais. Viva De Bhaldraithe. Lastaigh de gach searc tá trá na seirce sin. Sneachta. Bláth. Grá. Tá. Ní. Tá. Ní. Tá mé ag taoscadh na teangan seo agam. Póg. Bacio. Bacchus. Fíon. Beaujolais an ghrá. Cathal Ó Searcaigh. File. Fil-e. See-r. Sea. Tá an fharraige idir mé agus tú. Snámh! Bang, bang! Chitty chitty bang bang. Abair Laoi na mBuaidheann. A haon. A dó. A trí. Cónaigh, a Chríost, i mo chroí. A Choimhde, a Mhic Muire. Gach Satharn tar, a bhràthair, agus áitigh i mo chroí ... A scairt an choiligh, guigh orainn. A bhreacadh an lae, guigh orainn. A bhodhránacht, guigh orainn. A chamhaoir, ora pro nobis. A theacht deirg an dá néal, ora pro nobis. Guigh. Guí. Guígí. Chuige Dia. Eros. Erotic. Cúipid. I love, I love, I love your tiger feet. Amo amas amat amamus amatis amant ... An chéad bhliain ... laudo .. mensa ... bellum ... scalae primae ... fadó fado .. Ááááááá. Tá an fharraige idir mé agus tú”……..
Lth 6

















