Éire le Díol - Liam de Frinse 2006

Éire le Díol - Liam de Frinse 2006
Éire le Díol - Liam de Frinse 2006
Éire le Díol - Liam de Frinse 2006
Is é an 'World for Sale', an ionsamhail atá tógtha in Abu Dhabi, Dubai, mar fhorbairt do thionscal na turasóireachta, a spreag an teideal don saothar is déanaí seo ón ealaíontóir Liam de Frinse as Béal Feirste. Tá sé ag díriú méire ar an dearcadh atá ag tomhaltóirí sa lá atá inniu ann, sé sin gur féidir gach uile rud a dhíol. I ngach ceann de na tríocha is a dó píosa, atá mar íomhá do na tríocha dó contae, tá mórán tagairtí samhaltacha. In áit na dtionscal traidisiúnta lása agus línéadaigh, tá cuibhreannais mhóra ilnáisiúnta anois. Tá sé ar chumas na gcomhlachtaí ilnáisiúnta céanna seo ár gcuid acmhainní náisiúnta a cheannacht agus a chreimeadh fosta. Is í an tseamróg - bláth a fhásann i ngach contae sa tír seo ach a n-amharctar uirthi mar lustain i dtíortha eile - a cheanglaíonn na píosaí aonaracha le chéile ina shaothar mór amháin. Ach mar sin féin, is é an rud a spreag an t-ealaíontóir a chéaduair ná an imní atá air siocair go bhfuil Éire í féin anois ionann le tráchtearra - do na comhlachtaí ilnáisiúnta, do na boird turasóireachta agus araile - agus cén luach atá ar an easportáil seo?

I dtaca leis an chultúr de, tá an t-ealaíontóir aireach ar íomhaí/táirgí cultúrtha agus cruthaitheacha - is féidir kitsch a dhíol ach ní féidir cruthaitheacht a cheannacht! Téann an pointe seo go croílár an ealaíontóra Liam de Frinse. Is De Frinse an ealaín, níl líne ar bith a scarann an t-ealaíontóir óna shaothar - is ealaín bheo bheathach bhríomhar é 24/7. Tugann an t-ealaíontóir cuireadh don lucht féachana na píosaí seo a bhogadh thart nó a atheagrú de réir mar is mian leo.

Parlaimint na bPréachán

Rinneadh A Parliament of Crows a léiriú den chéaduair i bhFoirgnimh na Parlaiminte, Stormont, ar an 22 Bealtaine, an lá céanna a ndearnadh athghairm ar an chomhthionól ó shuigh na baill go deireanach ar an 11 Deireadh Fómhair 2002. Gléasta mar ghadaí bóthair costarnochta agus masc ar a aghaidh, shiúil sé fríd na pasáistí i Stormont in éineacht le Carmel Hanna, ball comhthionóil ón SDLP, agus é ag iarraidh ar bhaill an chomhtionóil a theacht go dtí an gailearaí fada lena léiriúchán a fheiceáil. Bhí comhthionól Thuaisceart Éireann, nach raibh ach díreach i ndiaidh athchruinniú arís, trína chéile ag amharc ar a thaispeántas - cuid acu a ghlac le greann é, cuid eile a bhí míshásta. Bhí ballaí an Gailearaí Fada clúdaithe le heangacha agus crochta san eangach bhí 108 portráid dubh agus bán de na baill a bhí sa chéad chomhthionól taobh le taobh le 100 préachán - teachtairí samhaltacha. Deis iontach annamh, ar ndóigh, chun an 108 ball den chomhthionól a fheiceáil in aon seomra ag an am céanna! Rinne Gadaí Bóthair na mBrionglóidí a achainí chultúrtha iar-chogaidh ar iomlán na mball sa chomhthionól úr mar a leanas: - 'let ye not forget........the stuff of dreams'...........