Stoney Road Press

Stoney Road Press sa Ghailearaí

Is ionad eagarthóireachta agus foilsitheoireachta mínealaíne é an Stoney Road Press, atá lonnaithe i gceantar na ndugaí i mBaile Átha Cliath.


Ba iad David O’Donoghue agus James O’Nolan a bhunaigh é sa bhliain 2002 agus ó shin i leith tá clú tuillte aige mar cheann de na táirgeoirí nuálacha is fearr in Éirinn i gcomhair eagráin theoranta de shaothair ealaíne lámhdhéanta sna meáin thraidisiúnta agus trialacha ó ealaíontóirí iomráiteacha na hÉireann, ina n-áirítear eagráin theoranta leabhar, saothair thríthoiseacha agus taipéisí. Tháinig James chuig an fhiontar seo mar fhear a raibh taithí 20 bliain aige leis an Graphic Studio i mBaile Átha Cliath, mar theagascóir sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne & Dearaidh agus mar mháistircheardaí priontaí; maidir le David, bhí seisean ina dhéantóir oilte priontaí, ina úinéir ar ghailearaí i mBaile Átha Cliath agus ina fhiontraí. Mheasc siad a saineolas ar an phróiseas do dhéanamh priontaí lena n-inniúlacht do ghnó agus, dá thairbhe sin, tá fás cruthaitheach maraon le rath tráchtála tagtha ar an Stoney Road Press le deich mbliana anuas, agus leanann sé ar aghaidh ag forbairt agus ag leathnú.

Is eagráin theoranta de phriontaí atá sa rogha saothar seo ó na healaíontóírí thuasluaite, idir próisis eitseála, bloic adhmaid, carbaraim agus fótagrafach chomh maith le boscraí bailiúcháin agus dealbhóireacht. Níl na healaíontóirí go léir a bhíonn ag obair le Stoney Road Press srianta ar dhóigh ar bith i dtaca le teicnící atá leagtha síos agus óna gcaithfidh siad piocadh agus roghnú; is a mhalairt atá amhlaidh cionn is gurb é an saothar féin a shocraíonn foirm a dhéanta, ó na próisis níos traidisiúnta go dtí modhanna níos trialacha, macasamhail na teicneolaíochta léasairghearrtha a úsáideadh ar mhaithe le sraith priontaí Patrick Scott a chruthú. Cuireann an rogha álainn seo deis ar dóigh ar fáil chun na saothair ghalánta seo a fheiceáil agus a cheannacht. 

Patrick Scott

Tháinig Patrick ar an tsaol i gCill Briotain, Co. Chorcaigh, sa bhliain 1921. Rinne sé staidéar ar ailtireacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus i ndiaidh do a chéim a bhaint amach i 1945, chaith sé cúig bliana déag ag obair le Michael Scott. Dhírigh sé a aird go hiomlán ar an phéintéireacht ón bhliain 1960 ar aghaidh, sé sin an bhliain inar bhain sé an Duais Guggenheim agus ina ndearna sé ionadaíocht d’Éirinn sa xxx Venice Biennale. Is duine de bhunaitheoirí Aosdána é Scott agus bronnadh an teideal Saoi air, an onóir is airde gurb fhéidir a bhronnadh ar ealaíontóir Éireannach.

Seán McSweeney

Ni raibh de mhúinteoir ealaíne ag Seán McSweeney, a saolaíodh i mBaile Atha Cliath sa bhliain 1935, ach é féin. Thosaigh sé ag cur a chuid saothar ar taispeántas go rialta i nGailearaí Dawson, Baile Átha Cliath, ón bhliain 1965 ar aghaidh. Pósadh é sa bhliain 1967, agus d’fhág sé Baile Atha Cliath le cur faoi i gCill Mhantáin. Toghadh é mar bhall d’Aosdána sa bhliain 1984, an bhliain chéanna ar aistrigh sé a theaghlach go dtí áit dhúchais a mháthar i mBéal Átha Conaill, Co. Shligigh, áit a bhfuil sé go fóill ina chónaí agus ag saothrú.

Dorothy Cross

Tháinig Dorothy ar an tsaol i gCorcaigh sa bhliain 1956. Oibríonn sí le réimse leitheadach, ó nithe go ceoldrámaíocht: dealbhóireacht, grianghrafadóireacht agus físeáin. I measc na dtéamaí a ndearna sí taiscéaladh orthu ina cuid saothar, tá cuimhne agus oidhreacht, gnéasacht agus mian, agus áit an duine sa nádúr. Is é Ghost Ship an saothar is iomráití a rinne sí, saothar inar phéinteáil sí long solais díchoimisiúnaithe le péint fosfarúil agus chuir sí ar ancaire í i mBá Bhaile Átha Cliath, áit ar lonraigh sí san oíche ar feadh roinnt seachtainí le linn geimhreadh na bliana 1999. San am i láthair, tá cónaí ar Dorothy ar chósta thuaidh na Gaillimhe. 

William Crozier

Tháinig William Crozier ar an tsaol i nGlaschú sa bhliain 1930. Is céimí é de chuid Scoil Ealaíne Ghlaschú, áit a ndearna sé staidéar idir na blianta 1949 agus 1953. Le linn a shaoil, bhí sé ina chónaí, ag saothrú agus ag cur taispeántais ar siúl i Londain, Baile Atha Cliath, Páras agus Malaga, agus ó bhliain 1981 ar aghaidh, tá stiúideo aige in Iarthar Chorcaigh agus ceann eile in Hampshire. Bhí Crozier ag teagasc sa Bath Academy of Art agus sa Central School of Art sular ghlac sé an post mar Cheann Roinne na Mínealaíne sa Winchester School of Art, áit ar toghadh é mar Ollamh Gradaim sa bhliain 1987. Toghadh é mar bhall d’Aosdána i 1991 agus bronnadh Bonn Óir an Oireachtais do Phéintéireacht air sa bhliain 1994.

Barbara Rae

Is in Falkirk na hAlban a rugadh Barbara Rae sa bhliain 1943. Rinne sí staidéar ar na Mínealaíona i gColáiste Ealaíne Dhún Éideann. Rinne sí cuid mhór taistil go tíortha eile i rith a saoil, ina meas An Fhrainc, An Spáinn, Meicsiceo Nua, An Iodáil agus An Afraic Theas. Cuireadh saothar Rae ar taispeánas i mórán seónna, idir aonair agus grúpa, in Albain, in Éirinn, i Sasana agus go hidirnáisiúnta. Tá sí ina ball d’Acadamh Ríoga na hAlban (RSA) agus den Acadamh Ríoga (RA) i Londain.. Bronnadh CBE uirthi sa bhliain 1999 agus tá cuid mhór Céimeanna Oinigh bronnta uirthi chomh maith. 

Felim Egan

Tháinig Felim ar an tsaol ar an tSrath Bán sa bhliain 1952. Rinne sé a chuid staidéir i mBéal Feirste agus i bPortsmouth sular fhreastail sé ar an Slade School of Art i Londain. Chaith sé bliain sa Scoil Bhriotanach sa Róimh sula dtáinig sé ar ais go Baile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ina chónaí agus ag obair riamh ó shin. Chuir sé a shaothar ar taispeántas go rialta in Éirinn agus san Eoraip agus bhí taispeántais tábhachtacha aonair aige sa Mhúsaem Náisiúnta na hEalaíne Comhaimseartha, Baile Átha Cliath, 1996, agus i Músaem Stedelijk, Amstardam, 1999. Tá Felim Egan ina bhall d’Aosdána.

Donald Teskey

Rugadh Donald i gCo. Luimnigh sa bhliain 1956. D’fhreastail sé ar an Choláiste Ealaíne is Dearaidh, Luimneach, áit ar cháiligh sé le dioplóma sna Mínealaíona in 1978. Thuill sé clú mar ealaíontóir de bharr a scil línitheoireachta i rith na 1980, scil a tháinig chun solais ó dhornán taispeantás aonair fíorthábhachtach. Ón bhliain 1992 ar aghaidh, tá saothar ollmhór curtha le chéile aige, go háirithe mar phéintéir tírdhreacha agus, ar na mallaibh, tírdhreach garbhshnoite an chósta thiar. Sa bhliain 2003 toghadh é mar bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá sé ina chónaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath.

Maria Simonds Gooding

Rugadh Maria Simonds-Gooding san India sa bhliain 1939 agus bhog sí féin agus a teaghlach go hÉirinn i 1947. Rinne sí staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne i mBaile Átha Cliath, Le Centre de Peinture sa Bhruiséil agus san Acadamh Ealaíne i mBath, Corsham. Toghadh mar bhall d’Aosdána í sa bhliain 1981. Áirítear taispéis don Four Seasons Hotel, Baile Átha Cliath, i measc a cuid saothar coimisiúnaithe. Tá cónaí ar Maria Simonds-Gooding i Leithinis an Daingin, Co. Chiarraí.

Alice Maher

Tháing Alice Maher ar an tsaol i dTiobraid Árann sa bhliain 1956. Rinne sí staidéar ar na Mínealaíona i gColáiste Ealaíne Crawford i gCorcaigh agus in Ollscoil Uladh, Béal Feirste. Sa bhliain 1987, bronnadh scoláireacht Fulbright uirthi chuig an Institiúid Ealaíne i San Francisco agus toghadh mar bhall d’Aosdána í i 1996. Rinne sí ionadaíocht d’Éirinn ag an 22ú São Paulo Biennial sa bhliain 1994. Cuireadh a cuid saothar ar taispeántas ag mórán seónna aonair i mBaile Átha Cliath, Páras, Londain, Nua-Eabhrac, An Slovenia agus i Veinéis agus in áiteanna eile.

Barrie Cooke

Cé go dtáinig sé ar an tsaol i gCheshire na Sasana sa bhliain 1931, bhog Barrie Cooke go dtí na Stáit Aontaithe nuair a bhí sé ina dhéagóir agus d’fhreastail sé ar Ollscoil Harvard, áit a ndearna sé staidéar ar Stair na hEalaíne. Tháinig sé go hÉirinn sa bhliain 1954 agus bhí a chéad taispeántas aonair aige i mBaile Átha Cliath an bhliain dár gcionn. D’ainneoin go bhfuil sé lonnaithe in Éirinn riamh ó shin, tá taisteal leitheadach déanta aige agus tá tionchar láidir ag a thurais go háiteanna mar An Laplainn, An Nua-Shéalainn, Boirneo agus An Mhalaeistia ar a shaothar saibhir péintéireachta sa stíl eispriseanchais leath-theibí. Tá Barrie Cooke ina bhall d’Aosdána.

Amelia Stein

Is grianghrafadóir í Amelia Stein, RHA, a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, áit ar saolaíodh í sa bhliain 1958. Tá sí sainoilte i bportráidíocht, ag obair le haisteoirí, oirfidigh, drámadóirí, scríbhneoirí agus ceoltóirí ar íomhánna coimisiúnaithe agus ar fhótagrafaíocht léiriúcháin i saol amharclainne na hÉireann. Tá tréith shuntasach i gcuid saothar Amelia Stein, sé sin an aird bheacht a thugann sí do na mionrudaí maraon leis na gnéithe de mhínphriontáil fhótagrafaíocht i ndubh agus i mbán agus de thairbhe sin, tá láithreacht amharclannach ag mórán de na híomhánna. Toghadh Amelia Stein mar bhall d’Aosdána sa bhliain 2006.

Mick O’Dea

Tháinig Mick ar an tsaol in Inis, Co. an Chláir sa bhliain 1958. Idir na blianta 1976 go 1981, rinne sé staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne & Dearaidh agus in Ollscoil Massachusetts. Bhí sé ag teagasc sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne & Dearaidh ó 1981 go 1999, agus theagasc sé fosta in ollscoileanna i Sasana agus sna Stáit Aontaithe. Tá taithí mhór aige ar a bheith ag obair ar chláracha ealaíne agus oideachais i bpríosúin agus in ionaid athshlánúcháin, ina measc Príosún Phort Laoise, Institiúid Naomh Pádraig, Príosún Wheatfield, agus le hIonad Ógtheagmhála Chill Rois. 


Seo a leanas liosta iomlán na n-ealaíontóirí a d’oibrigh le Stoney Road Press | The full list of artists that have worked with Stoney Road Press are:

John Behan, Éamon Coleman, Charles Cullen, David Godbold, Richard Gorman. Mark Joyce, Charlie Whisker, Ciarán Lennon, Anne Madden, Keith Milow, Peter O’Brien, Jason Roche, Seán Shanahan, Brian O’Doherty, Noel Sheridan, Patrick Scott, Sean McSweeney, Dorothy Cross, William Crozier, Barbara Rae, Felim Egan, Donald Teskey, Maria Simonds Gooding, Alice Maher, Barrie Cooke, Amelia Stein, Mick O’Dea agus Louis Le Brocquy.

 

Big Names Hit Gaoth Dobhair 

Second exhibition at An Gailearaí’s new venue at the Aislann Centre

An Gailearaí is delighted to be able to present a selection of the finest prints made by Ireland’s leading living artists in its brand new bespoke exhibition space at the Aislann Centre in the Gaoth Dobhair Industrial Estate. 

Curator, Úna Campbell, is ecstatic at this opportunity, “it’s every curators dream really, it is an absolute pleasure to be surrounded by works from Ireland’s most accredited artists and the quality of their work is stunning, really sumptuous” she says, “remember, these are very small print runs made exclusively by the artists” she reminds us.

An Gailearaí has selected works by 12 artists from the Stoney Road Press studios; Patrick Scott - Sean McSweeney - Dorothy Cross - William Crozier - Barbara Rae - Felim Egan - Donald Teskey - Maria Simonds Gooding - Alice Maher - Barrie Cooke - Amelia Stein and finally Mick O’Dea.

Stoney Road Press is a fine art publishing and editioning house situated in the docklands of Dublin. Since its formation by David O’Donoghue and James O’Nolan in 2002 it has emerged as one of Irelands most innovative producers of handmade limited-edition fine artworks in traditional and experimental media. Their products include limited edition fine art prints from Irelands leading artists, limited edition books, 3-dimensional works and tapestries. 

James came to the venture as a 20-year veteran of the Graphic Studio Dublin, tutor at the National College of Art & Design and master print maker; David as trained printmaker, Dublin gallery owner and entrepreneur. 

The combination of expert knowledge of print-making processes with business acumen had allowed Stoney Road Press to flourish and expand over the past decade.

This selection of works is made up of limited edition prints made by the above artists through etching, woodblock, carborundum and photographic process as well as box collections and sculptures.  

All the artists that work with Stoney Road Press select their own printing techniques allowing their work to dictate the most appropriate form. Techniques range from the very traditional processes mentioned to more experimental methods, such as the laser cutting technology employed to create Patrick Scott’s series of prints. 

This beautiful selection offers a unique opportunity to both view and purchase these exquisite works. 

“This is the amazing thing, if you ever aspired to owning a Patrick Scott or a Sean McSweeney say, well now is your chance as these are very affordable works and well worth a look” says Úna Campbell. Úna Also says that she and colleague Celine Haran are really looking forward to the opening of the new accompanying library facility, “This should be very soon now, perhaps June”. Celine and Úna have put out a plea for any one wishing to be included on their mailing list. “As we have moved, so has our audience and we are very keen to include any one wishing to know about our forthcoming events” says Celine. To do this simply email – ceardlann@eircom.net. The gallery opening times are Tuesday – Friday 12 – 5pm and Saturday 1 – 5pm.