Denise Walker

Denise Walker

Denise Walker

Go bunúsach, eascraíonn saothar Denise Walkers as an tionchar meallacach atá ag rúndiamhra agus deasghnátha na hEaglaise Caitlicigh uirthi. Bhí an tógáil a fuair sí óna teaghlach Chaitliceach i Sasain ina chúis spreagtha di le bogadh go dtí an Iodáil, áit a ndearna sí dianstaidéar ar íomhaí den ‘Pieta’, ‘Teistíocht’ agus ‘Olagón’ atá le feiceáil i bpéintéireacht agus i ndealbhóireacht na Meánaoise agus na hAthbheochana.

D'aimsigh an t-ealaíontóir an chosúlacht atá le tabhairt faoi deara sna céadtaí íomhaí den ‘Pieta’ agus ‘Teistíocht’, agus go háirithe nach athraíonn suíomh choirp Chríost ach fíorbheagán – cé acu atá an figiúr ina luí síos, ina shuí le taca, a thabhairt anuas ón chros nó a chur isteach sa tumba.

Le sé bliana anuas, tá  Denise Walker ag déanamh líníochtaí agus priontaí atá bunaithe ar an téama seo. Bhailigh agus d'athchruthaigh sí go deismir íomhaí de Chríost i mórán suíomhanna éagsúla. Ar mhaithe le pointí tagartha, rinneadh na suíomhanna a choimeád trí úsáid a bhaint as trealamh taifeadta digiteach. Tá déanamh agus coibhneas a cuid saothar ar aon dul le Geoiméadracht Chráifeach na Meánaoise agus leis an Scoil Órga , mar a cuireadh i bhfeidhm iad i dtús báire ar dhéanamh an ‘Pieta’ agus an ‘Teistíocht’. 

I measc an tsaothar atá idir lámha aici san am i láthair, tá tacar d'eitseálacha bunaithe thart ar fhigiúr lárnach an ‘Pieta’, ar shamhlaoidí as ‘Seacht nDólas na Maighdine Muire’ agus eilimintí as 'Tarbhchomhrac’. Thig glacadh leis na samhlaoidí mar théama uilechoiteann d'fhulaingt, d'íobairt, de bhrúidiúlacht agus de bharbarachas an duine i gcoinne an duine.

Is ealaíontóir thar a bheith cruthaitheach í Denise Walker a bhfuil taispeántas leitheadhach déanta ar a cuid saothar ar fud na Sasana, na hAlban, na Breataine Bige agus in Éirinn agus fosta chomh fada ar shiúl leis An Pholainn, An Spáinn, An Phortaingéil, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Iodáil, An tSín, An Bheilg agus An Iorua. Tá go leor leor duaiseanna agus sparántachta buaite ag an ealaíontóir agus i láthair na huaire tá sí ina Léachtóir i nDéantús Priontaí i gColáiste Ealaíon Dhún Éideann na hAlban. 

 
 
 

Denise Walker

The root to Denise Walkers work is primarily fed from her fascination for the mysteries and rituals of the Catholic Church. Her formative experiences of being raised in an English catholic household led her to relocate to Italy where she immersed herself in the study of images of the ‘Pieta’, ‘Deposition’ and ‘Lamentation’ that appear in Medieval and Renaissance painting and sculpture.

The artist identified the similarity running through hundreds of images of the ‘Pieta’ and ‘Deposition’. In particular the position of Christ’s body varies only slightly – whether reclining, being supported in a seated position, taken down from the cross or placed in the tomb.

For the past six years Denise Walker has been making drawings and prints examining this theme. She has meticulously collected and recreated the Christ images in the many varied positions. The positions were retained for reference using digital recording equipment. The construction and proportions of her works correspond to Medieval Sacred Geometry and the Golden Section, as applied originally in the composition of the ‘Pieta’ and ‘Deposition’. 

Current projects include a suite of etchings incorporating the central figure of the ‘Pieta’, imagery from the ‘Seven Sorrows of the Virgin’ and elements from the ‘Bullfight’. The imagery can viewed as a universal theme of suffering, sacrifice, brutality and man’s inhumanity to man.

Denise Walker is a prolific artist who has exhibited extensively throughout England, Scotland, Wales and Ireland as well as Poland, Spain, Portugal, USA, Italy, China, Belgium and Norway. The artist has been awarded numerous awards and bursaries and is currently Lecturer of Printmaking in Edinburgh College of Art.