Taobh le mo Bhróidnéireacht Churtha / Beside My Buried Embroidery, Ian Gordon, 2009

Bogsholas, Bhróidneireacht ar Chnabhás 12x13cm Ní ar Díol
Ian Gordon, "Eas" Ola ar chanbhás, 60x60cm €1400
Ian Gordon, "Poill Mhóna " Ola ar Chanbhas, 160x160cm €1800
Ian Gordon, "Dathstaidéar 2" Ola ar Clár,  €200
Ian Gordon "Imeall na Foraoise" Ola ar chanbhás 160x160cm €1800
Ian Gordon, Farraige agus Carraigeacha, Ola ar Chanbhás, 130x130cm, €1800

Taobh le mo Bhróidnéireacht Churtha



Tá stair suntasach taispeántais ag Ian Gordon, an t-ealaíontóir iomráiteach as Dún na nGall. D’fhreastail sé ar an Wimbledon School of Art go luath sna seachtóidí, uair gurbh é an dearcadh cultúrtha comhaimseartha gur rud neamhábhartha, fiú seanaimseartha, a bhí in ealaín na péintéireachta. Bhí an Choláiste i bhfách le hoideachas acadúil a chur chun tosaigh ag am a raibh an ghlúin a bhí ag éirí aníos ag tiontú chuig ceol jazz, rac &rl., agus, ó thaobh na cruthaitheachta de, bhí níos mó spéise acu i bhforbairt sainmhínithe d’ealaín ‘coinceapúil’, d’ealaín ‘taibhiúcháin’ agus a leithéidí. Bhí tionchar ag an eispéireas neas-suite seo ar a imeacht ón choláiste ealaíne, áit ar dúradh leis gur “féinoideoir ainrialta” a bhí ann. Tríocha bliain ón am sin, creidim go dtugann sé sin léargas mícheart ar Ian agus ar a shaothar. D’fhéadfadh sé go raibh an lipéad ‘ainrialta’, ainm contráilte, ina chúis le Ian gan glacadh le péintéireacht mar a éirim go ceann tamaill mhaith.

Is cinnte go mbíonn ealaíontóirí maithe ainrialta; ní chiallaíonn sé sin go díreach ach nach nglacann siad leis an riail fhoirmleacha atá leagtha síos. Tá sé de dhualgas ar an ealaíontóir fíor, mar fhísí, a mhiotaseolaíocht agus a mhodheolaíocht féin a chruthú. Ina easpa sin, ní bheadh Impriseanachas, Eispriseanachas, Fauvachas, Coincheapachas nó ‘achas’ ar bith eile againn.

Déanfaidh an t-ealaíontóir na heilimintí bunúsacha a tháinig chun solais sna céimeanna tosaigh nó foirmitheach ina bhforbairt chruthaitheach a úsáid, a dhiúltiú, a athúsáid agus a athshocrú. Tagann forbairt ar an phróiseas seo mar a ‘gcleachtas’. Tá lorg na bhfréamhacha agus an chuma atá ag rithim agus gnás cruthaitheach Ian le tabhairt faoi deara go soiléir, rud a léiríonn tiomantas agus ionracas dáiríre.

Nuair a dhiúltaigh Ian glacadh le hoideachas sa mhínealaín chlasaiceach, d’fhoglaim sé ceird na bróidnéireachta. Ag am amháin, b’fhéidir gur shíl Ian gurbh ionann péintéireacht agus rud gan úsáid, éadaingean nó fiú bagartha, agus bhí ceird fiúntach fóinteach. Bheadh an eilimint seo ina toisc ríthábhachtach dá chleachtas lá níos faide anonn. Comhlíonann an obair bhróidnéireacht mórán cuspóirí. Is saothair rithimeacha iad, cruthaithe go machnamhach, ag múscailt imfhiosach óna chodladh. Mar cheird, léiríonn siad scil, oilteacht agus dúthracht – cáilíochtaí a thaispeánann nach bhfaightear torthaí den chéad scoth gan stró. Chun a gceart féin a thabhairt dóibh, is mapáil datha atá sa bhróidnéireacht, sórt líníocht datha a thiontaíonn ansin go saothair a bhféadfaí ‘Comhrá Pailéid’ a thabhairt orthu. Sa deireadh thiar thall, cuirtear na píosaí bróidnéireachta i dtírdhreach a bhfuil rún aige a phéinteáil, amhail is gur ofráil nó íobairt atá iontu. Mar chomhartha ar an iarracht agus ar an scil, aithníonn na fosaithe infheistíocht an ealaíontóra agus marcálann siad pointe ar an aistear cruthaitheach. Beidh suiteáil ina cuid den taispeántas mar mharc ar an acomhal ar leith seo.

I dtosach báire, is dathadóir atá in Ian Gordon. Tugann sé cúram don dóigh ina dtéann dath amháin le dath eile, don dóigh ina n-oibríonn pailéad, don bhroidearnach atá ann &rl. Mar a dúirt Cezanne “Tá loighic ag baint le dathanna, agus is le seo amháin a ba chóir don ealaíontóir cloí agus chan le loighic na hinchinne”. Is ábhar suibíochtúil é seo, atá insonraithe agus inaitheanta ar aon ealaíontóir cumasach, macasamhail Rothko, Van Gogh, Klee &rl. Tá pictiúr de chuid Ian Gordon inaitheanta fosta; tá a phríomhfhócas ar chaibidil na ‘dathteanga’.

Tá Ian ina phéintéir paiseanta oilte tírdhreacha agus léiríonn an taispeántas seo go soiléir an comhghaol idir an dá chúram seo: dath agus báidh an ealaíontóra leis an tírdhreach. Is freagra fisiceach agus, ag an am céanna, neamhshaolta atá aige, freagra a léiríonn go héifeachtach an dearcadh a bhí ag Kandinsky, i.e. “Cruthaíonn dath suaitheadh síceach. Folaíonn dath cumhacht atá anaithnid go fóill, ach cumhacht atá fíor agus a oibríonn ar gach uile pháirt den chorp”. Tá cuid tírphictiúirí Ian i gcónaí lán misnigh agus bríomhaireachta – siocair go bhfreagraíonn siad don suaitheadh seo, léiriú an mhothúcháin.

Comhartha aitheantais eile atá le tabhairt faoi deara arís agus arís eile ar chuid saothar Ian is ea an eilimint riosca. Téann sé sa seans le caillteanas riachtanach a chuid fosuithe aestéitiúla atá curtha faoi thalamh, rud a chruthhaíonn baol breise ó thaobh na péintéireachta de. De bharr go gcuireann sé é féin isteach sa tírdhreach – en plein air, ris agus soghonta, Taobh lena Bhróidnéireacht Churtha, ardaíonn Ian an teannas agus téann sé i ngleic leis an dúshlán. Cruthaionn an teannas seo luas, gluaiseacht, gan smaoineadh, gan féineachas. Coinníonn sé greim docht ar a neart agus go himníoch, ach ag an am céanna, go spontáineach, éiríonn leis saothar lonrach spleodrach a chur inár láthair. Tá a chuid canbháis cosúil le “urraim infheicthe” gan teorainn – don tírdhreach. Tugann an cur i láthir chun críche an deasghnáthas cruthaitheach ciorclach seo, iarracht sheasta ………a thosóidh arís agus arís eile. Is fada, fada Ian ar shiúl ón ainrialtacht, is í an ealaín a bheatha agus ó tharla gur ealaíontóir fiúntach é, tá sé tiomanta don chosán éagoiteann atá cruthaithe aige dó féin.

Úna Campbell, An Gailearaí, An Fál Carrach, Feabhra 2009