Talamh Dóite le Seán Ó Flaithearta

Dreach Dúloiscthe
An Fód
Gearrán Iarainn I
High Nelly II
Machaire Loischte I
Dúchiúnas
An nós atá ann tine a lasadh ar an chaorán leis an talamh a ghlanadh is bun leis an bhailiúchán úr seo de shaothair ealaíne ilmheán. Tá ár agus lot fite tríd. Fiosraíonn an chré dhúloiscthe an dearcadh atá again faoi cheisteanna timpeallachta agus pobail. Nochtan an talamh dóite sraitheanna staire, ama agus brí; pailmseist de rian an duine.

Árannach ó dhúchas é Seán Ó Flaithearta agus is i gCill Éinne atá a stiúideo lonnaithe. I measc na mórthaispeántas a bhí aige bhí Go bhfeicfidh tú dán - Ó Direáin (2010),
Dúch/Liv/Encre (2009), Scoilt leis an gCnámh (2009), Suan Cladaigh (2008), Dúch Yesenin/Yesenin’s Ink (2007-08), Deora Sáile (2005), Cosán Dearg (2001), Coiscéim na Trócaire (1995), Scadán Caoch (1993), Duán (1991) agus I nGéibheann (1989). Ba é an Flaitheartach an t-ealaíontóir a rinne ionadaíocht ar Éirinn ag Féile Lorient na Briotáine in 2009.

Ó Flaithearta a rinne na líníochtaí agus portráidí do Máirtin Ó Direáin Na Dánta (An Clóchomhar/ Cló Iar-Chonnacht 2010) agus a dhear na drámaí Faoi Dheireadh Thiar (An Taibhdhearc 2008), In Ainm an Athar (An Taibhdhearc 2006) agus Níor Mhaith Liom do Thrioblóid (An Taibhdhearc/Lóchrann 2000/2003) le Joe Steve Ó Neachtain. I measc na seónna agus na ndrámaí eile a dhear sé d’Aisteoirí an Spidéil bhí Ómós do Johnny Chóil Mhaidhc (2007), Mise, Subhó agus Maccó (2002) le Biddy Jenkinson agus Fear an Tae le Liam Ó Muirthile (2000).