Taispeántas na Nollaig 2006

Taispeántas na Nollaig 2006
D'oscail an taispeántas i gCeardlann na gCroisbhealach ar an Sathairn 9 Nollaig idir 2.00 agus 5.00in. Bhí suas le dhá scór píosa ealaíne ar thaispeáint agus cuid mhór acu sin le díol. Is ealaíontóirí ón chondae a bhí i gceist ó gach aon choirneáil ó Ailt an Chorrain go Bun Cranacha.

Bhí lúcháir mhór ar Cheardlann na gCroisbhealach saothar na n-ealaíontóirí cumasacha deismireacha áitiúla seo a chur i láthair. Tá na h-ealaíontóirí seo ina n-ealaíontóirí dígeanta díograiseacha, cé nach saothar 2-D a cloíonn siad leis i dtólamh. Tá a spéiseanna, stíleanna agus a ndearcadh sainiúil féin ag gach duine den ghrúpa.