Seán Cathal

Seán Cathal
Seán Cathal
Seán Cathal
Seán Cathal
Seán Cathal
Seán Cathal
Seán Cathal
25ú Feabhra - 31ú Márta


“Et quid amabo nisi quod ænigma est?”

Mar theideal, tá an phrása seo...”cad a ba chóir dom grá a bheith agam dó murab é an dubhfhocal é féin” ina dhóigh fhoirfe chun an saothar sa taispeántas seo a thuiscint agus a fheiceáil.

Tá an saothar pearsanta agus uilíoch le chéile ina chuid tagairtí. Tá mórán d’eilimintí gach saothar inmhínithe ar chuid mhór leibhéil. I dtús báire, tá a fhios an ealaíontóir caidé tá i gceist aige agus caidé atá beartaithe aige leis an saothar.. ach neamhchosúil le go leor ealaíontóirí eile, is féidir lena ábhar rochtain a bheith aige, ina thuairim féin, ar an bhreathnóir le héascaíocht chothrom thuisceana. Sin le rá, á dtuiscint. Ar ndóigh, cén dóigh a mbeadh fhios ag duine caidé atá in intinn duine eile. Tá a fhios ag déantóirí rudaí físiúla, bíodh siad péintéireacht, dealbhóireacht, grafaíocht nó dearaí, go bhfeiceann an tsúil ar dtús agus ansin go mbaineann an inchinn ciall as. Má théitear ag ceolchoirm, amharclann, ceoldráma nó fiú seirbhís eaglaise, feiceann duine ar dtús agus ansin cluintear.

Tá an t-ealaíontóir Seán Cathal ina phéintéir meitifisiciúil i bhfadh níos mó ná péintéir insint siocair go láimhseálann sé na chéad phrionsabail de rudái, ar a n-áirítear an coincheap, nó na coincheapanna, de bheith beo, feasacht, spás, agus – go ríthabhachtach dó-san – féinaitheantas. Cé go bhfuil a chuid tagairtí pictiúrtha an-phearsanta, tá siad Eorpach chomh maith sa bhrí go bhfuil sé in ann creatlaí samhlaíocha a chur le chéile laistigh de phrionsabail Arastaileacha den bheith agus den fheasach. Cinnte! Cuimsíonn sé mórán tagairtí físiúla a bhfuil gné luchtaithe áitiúil acu, nó sraith gnéithe, ach a léirmhíníonn seisean i gcreatlach i bhfadh níós leitheadaí. Baineann sé úsáid as tarraingt líneach, maraon le heilimíntí de láimhseáil pictiúrtha en grisaille, rud a réitíonn roinnt dá chuid eilimíntí comhdhéanaimh nach bhféadfadh plánaí níos leitheadaí a sheachadadh.

Ach, sin ráite, tá sé fosta in ann ruathar a dhéanamh ar comhréir an nua-aoiseachais, leithéidí cúibeachas sintéiseach, ina bhfuil sé ábalta creatlaí soiléir a thógáil den ábhar sin atá sé i bhfách le cur chun tosaigh le neart agus sóiléireacht.

I gcuid den ealaíon, tá fiarcháilíocht tagartha nach fíneáltacht seintimeinte amháin atá i gceist faoin cheist ach mian, a chreidim, chuin ligint don bhreathnóir an saothar a fheiceáil i dtreo na tagairtí a thuiscint. Níl a dhlínse ábhair inste sa chiall cur chuige Tréadach nó Tírdhreacha, ach i dtírdhreach inmheánach a chreideann sé go mbeidh an breathnóir ábalta a thuiscint, cé nach n-aithníonn sé go hiomlán gur une vie intérieure atá ann de dhialóg leanúnach leisean. Is ionann an vie intérieure fosta lena phróiseas féin de choilíniúchán ar a spéiseanna féin agus ar a thuiscint ar rudaí seachtracha. Tugann cuid mhór ealaíontóirí Éireannacha an próiseas sin i dtreo eile, go mórmhór chun a gcomhréir tírdhreacha a dhéanamh a l’explication de texte.

Bhí am ann nuair nár measadh ach Cézanne mar fhoinse nua-aoiseachais, ach de bharr mórán próisis chultúrtha eile, shaoraigh an teilifís agus an cineama chomh maith leis an ríomhaire rudaí físiúla ón seaicáid ceangail sin.

Lena chois sin, tá an ní dá chud oibre, lena gciallaíonn an scríbhneoir seo a mhóthú de cháilíocht fhisiceach agus próiseas a sheachadaíonn a fhuinneamh san amharcíomhá. Dúirt mé níos luaithe go dtugann an breathnóir a fhíseach féin chuig a cuid oibre, ag dul thairis a léiriú den íomhá agus a ghlacadh chuige féin, á, más maith leat, mhothú ama, feasachta agus daonnachta.

Choimhéad mé a chuid oibre don taispeántas ag fabhrú thar roinnt blianta agus a dhiongbháilteacht é a thabhairt i dtús báire chun a áit féin agus ligint do oibriú amach ó sin. Cuaigh Oifigeach Ealaíona Chontae Dhún na nGall agus Coimeádaí an Ghailearaí, Úna Campbell, i gcomhcheilg le chéile, i ndóigh ealaíonta, chun go dtarlódh an taispeántas. Tá moladh tuillte acu beirt ar shon an turas fionnachtana seo. Tá níos mó le rá ag Seán Cathal agus níl anseo ach céim amháin sa phróiseas sin. Mar mhac d’ealaíontóirí, le stair fhada phéintéireacht de Dhún na nGall agus ceangal ársa athartha le Gleann Cholm Cille, chuir sé eiteoga ar mo chroí a fheiceáil ag nochtadh. Go dtí go mbeidh seo léite aige, ní bheadh fhios ag an ealaíontóir fá mo ghinealach athartha as Dún na nGall, siocair gur mheas mé i gcónaí go bhféadfadh a leithéid d’eolas tionchar a bheith ar cheachtar againn sa treo aeistéitiúil mícheart.

Nuair a bhí mé ag amharc ar a chuid oibre ina stiúideo, ag amharc amach ar Inis Siar, smaoinigh mé ar m’óige i gConamara le mo thuismitheoirí éalaíonta (atá anois ina luí taobh le taobh sa reilig ag amharc amach ar Dheisceart Chonamara go deo) agus smaoinigh mé go bhfuil an domhan ciorclach, tá sé uilig ciorclach. Is iomáí lúbán a ghlac Seán Cathal ar an bhealach le fáil comh fada is atá sé anois lena chuid oibre. Scríobh an Naomh mór sin, Agaistín, uair amháin.. “is fearr i bhfad taisteal i ndóchas ná áit a shroicheadh”. De bhrí go bhféadfaimis neamhbhásmhaireacht a bheith ionainn, creidim go bhfuil sin ag ealaíontóirí as cuimse, mairfidh a gcuid saothair fhad is a mhairfeas an domhan.

Agus anois, mar a dúirt Ó Raifteiri ina dhán mór “Anois le teacht an earraigh”
“Is tar éis na Féile Bríde, ardóidh mé mo sheol....”


Ciáran MacGonigal
Meathas Troim
Feabhra 2017