Palmpsest

Palmpsest
Is tionscadal comhoibrithe ealaíne é an tionscadal seo Pailmseist/Rianú atá á eagrú ag Cló agus ag an Fhearann Feasa mar pháirt dá rannpháirtíocht leanúnach in Artisterium, féile agus taispeántas ealaíne idirnáisiúnta a bhíonn ar siúl gach bliain in Tbilisi, an tSeoirsia. Is áit mhaith é an tSeoirsia d’ealaíontóirí as an Ghaeltacht le cuairt a thabhairt uirthi agus le hinspioráid a bhaint aisti – tá a dteanga agus a n-aibítear sainiúil féin acu sa tSeoirsia agus luíonn an tír i ndúiche na Sléibhte Cugais Theas, dúiche a bhfuil mórshaibhreas oidhreachta agus cultúir ag baint léi. Is é Ian Joyce a bhunaigh an scéim mhalartaithe seo d’ealaíontóirí chun na Seoirsia sna 1990idí agús tá ealaíontóirí as an Ghaeltacht ag tabhairt cuairte ar an dúiche sin ó shin. Bíonn deis ag na healaíontóirí seo cuairt a thabhairt ar an Airméin fosta chun páirt a ghlacadh in imeachtaí a bhíonn ar siúl in Yerevan agus Gyumri. Faigheann an scéim seo cuidiú leanúnach ó CfVR (an tSeoirsia) agus ó Accoss (an Airméin). Tugtar buíochas ar leithd’Ealaín na Gaeltachta agus do Chultúr Éireann as a dtacaíocht thábhachtach agus leanúnach thar na blianta.