Micheál Ó Nualláin - Siarghabhálach

Spásaire os cionn An Cheathrú Rua Ola ar chlár 24'' x 24''
Spásaire os cionn Conamara Ola ar chlár 24'' x 24''
Spásaire os cionn Dún Laoghaire Ola ar chlár 19'' x 23''
An Dreidire i bport Dhún Laoghaire Ola ar chanbhás 19'' x19''
Micheál Ó Nualláin - Siarghabhálach

Cuireann An Gailearaí & Slí na gCopaleen i láthair
Siarghabháil ar cuid saothair Micheál Ó Nualláin


Tháinig Micheál Ó Nualláin ar an tsaol sa Charraig Dhubh sa bhliain 1928, an duine ab óige den 12 páiste a bhí Michael Victor agus Agnes (née Ní Gharmaile) Ó Nualláin. Ba é a dheartháir, Brian, an scríbhneoir ab fhearr aithne air mar Flann O' Brien/Myles na gCopaleen. Nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois, bhain Micheál scoláireacht bliana chuig an Choláiste Náisiúnta Ealaíne. Chuaigh sé ar ais chuig an choláiste sin nuair amháin a chríochnaigh sé a chuid oideachais dara leibhéal, an uair seo le scoláireacht trí bliana. Fuair sé a chéim sa bhliain 1952 agus an bhliain chéanna bronnadh dámhachtain air ón Rannóg Ealaíne de na Cluichí Oilimpeacha i Helsinki.

D’oibrigh sé mar ealaíontóir/dearthóir neamhspléach, ansin mar mhúinteoir ealaíne agus sa bhliain 1965 ceapadh é mar Chigire Ealaíne sa Roinn Oideachais. D’éirigh sé as in 1993. Bhí ceithre thaispeántas aonair aige i mBaile Átha Cliath agus taispeántas i gcomhpháirt le Jack Yeats i dToronto in 1971. Is féidir a shaothar a fheiceáil i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann agus i ngailearaithe éagsúla eile ar fud an domhain ó Boston go Barcelona. Lena chois sin, d’fhoilsigh sé léaráidí faoin ainm cleite Kilroy.

Cónaíonn Micheál i mBaile na Manach lena bhean chéile Ann. Tá ceathrar clainne acu. Baineadh úsáid as portráid Mhichíl dá dheartháir, Brian, ar stampa comórtha a chuir An Post amach sa bhliain 2011 i gcuimneacháin céad bliain ar bhreith Flann O'Brien. I mbliana, táimid ag ceiliúradh cothrom an lae 50 bliain ó fuair Flann O'Brien bás.