Dinnseanchas II

Bernadette Cotter in the process of creating artworks
Nuala Ní Dhomhnaill making the traditional calligraphy pieces
Bernadette Cotter in the process of creating artworks
Snaithín Áine - Bernadette Cotter & Nuala Ní Dhomhnaill Catalogue cover image
De Sathairn 31. Deireadh Fomhair - De Sathairn 19. Nollag 2009: “Dinnseanchas II”

Dinnseanchas l 2008 In earrach na bliana 2008, chuidigh Nuala agus Bernadette le grúpa pobail as ceantair Theilinn – Gleann Cholm Cille – Cill Chartaigh, i nDeisceart Dhún na nGall, Dinnseanchas áitiúil a bhailiú agus a thaifeadadh. Faoi Mheán Fómhair 2008, bhí na scéalta logánta seo aistrithe isteach ina saothair dearcealaíne. Cuireadh na torthaí ar taispeántas le linn Féile na gCruach Ghorm. Fuair an togra maoiniú agus tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Chontae Dhún na nGall, An Chomhairle Ealaíon, Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall, Oideas Gael agus Áislann Chill Charthaigh. Rinne Ciarán Fogarty scannán dar teideal ‘Tobar Cnapastún’.

Dinnseanchas ll 2009

Roghnaigh Nuala agus Bernadette Dinnseanchas ‘Cnoc Áine’ agus rinne siad forbairt ar an taispeántas ilmheán agus ildisciplín, ‘Snáithín Áine’, a cuireadh ar taispeáint sa Ghailearaí i mí Dheireadh Fómhair, 2009. Bhí an togra seo maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Chontae Dhún na nGall. Ba é Danny McCafferty a rinne an eagarthóireacht dheiridh scannánaíochta agus fuaime ar an ábhar digiteach a bhí in éineacht leis an taispeántas, bunaithe ar phíosaí scannáin a rinne Ciarán Fogarty.
Ba é Gailearaí na gCroisbhealaí, An Fál Carrach, Co Dhún na nGall, a rinne coimisiniú, comhordú agus riarachán ar an togra seo.
Rannpháirtithe: Caitlín Mhic Fhionngaile, Seosaimh Ó Gallachóir, Mick McGinley, Seán Ó Beírn, Seán Ó Brádaigh, Máire Mhic Fhionngaile, Máire Ní Chasaide, Caroline Ní Chasaide, Carmel Butler, John Matthews, Christina Daly, Dymphna Towell agus Rang 6 Scoil Náisiúnta Chill Charthaigh



Check back for details - and please send us your details should you wish to be informed of further events at An Gailearaí