Dailann Pictiúracha Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair 1990-2000.

Asgard 1 Asgard II moored in mBáighe Gola, 19947
Asgard 2 Asgard II huaibhreach bureaucratic anchored in mBáighe Gola and is under the gleam of the sun.
Fred Dha Frederick Colley, member of Údarás na Gaeltachta and Fred Hazel, County Councilor, visiting the island of Inishbofin, nineties.
Mary Robinson President Mary Robinson, Charles Sweeney, Co-Manager Tory, on official visit to Tory, July, 1995.
SIOEN Ltd Pauline Mc Cormac, Frances Gillespie and Tessa Mac McBride work SIOEN Ltd., In 1995.
Dialann Pictiúracha - Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ó 1990 go 2000
(1916 -1966 -2016)
9ú Nollaig - 17ú Feabhra

Dialann Pictiúracha - Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ó 1990 go 2000: tá an taispeántas pictiúracha seo, bunaithe ar chartlann grianghraf a rinne taifead ar shaol oibre agus ócáidí sóisialta/cultúrtha oibríonnaí Eastát Tionscail Ghaoth Dobhair idir na blianta 1990 - 2000. Is iad seo grianghraif a ghlac Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta, le linn a chuid ama ag obair do Rannóg Cumarsáide Údarás na Gaeltachta. Rinne Aisling Ní Fhearraigh eagarthóireachta ar an bhailiúchán, iad a chartlannú agus a réiteach don taispeántas seo. Is grianghrafadóireacht iriseoireachta den chuid is mó atá sa taispeántas agus bheir na seachtó grianghraf léiriú dúinn ar an chineál oibre a bhí ar siúl ar Eastát Tionscail Ghaoth Dhoirí Beaga, mar a tugadh air ag an am, chomh maith le himeachtaí eile a thar la sa phobal i rith na tréimhse seo.

Tá an taispeántas curtha le chéile mar aitheantas do bhunaitheoirí an Eastáit Tionscail agus an fhís a bhí acu fostaíocht a chur fáil in Iarthar Dhún na nGall do mhuintir Ghaoth Dobhair, Na Rosa agus Cloich Chionnaola. Díríonn an taispeántas ar thréimhse a raibh déantúsaíocht thraidisiúnta i mbarr a réime i nGaoth Dobhair agus in Éirinn. Ba é seo an tréimhse a raibh an chuid is mó rathúnais agus fostaíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, nuair a sroicheadh an líon is airde fostaíochta a riamh, 1,338 in 1998.

Tá an taispeántas á reáchtáil in Áislann Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga agus tá sé mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain 1916 - 2016. Tá nasc gaoil idir bunú an Eastáit Tionscail i nGaoth Dobhair agus comóradh Éirí Amach 1916, ar an ábhar gur cheannaigh cúigear fear áitiúil, idir lucht gnó, gníomhairí forbartha pobail agus gníomhairí teanga an talamh ina bhfuil an Pháirc Ghnó lonnaithe in 1965; bunaíodh comhlacht darbh ainm Eastáit Thionsclaíoch Dhún na nGall Teoranta agus ar an 16 Iúil 1965 cheannaigh an comhlacht seo 177 acra agus dhá ród ón Roinn Tailte. An Screabán a baisteadh go háitiúil ar an phíosa talaimh seo, ar an ábhar nach raibh ann ach caorán lom agus poill ghairbhéil. Bhí sé ar intinn ag an chomhlacht úr seo plean cuimsitheach a leagan amach d’Eastát Tionsclaíoch ar an Screabán, i nGaoth Dobhair don bhliain ina dhiaidh sin. Bhí an Coiste ar thús cadhnaíochta lena gcuid beartas agus bhí an plean úr seo le bheith curtha i gcrích don bhliain 1966 mar chuid de chomóradh chaoga bliain Éirí Amach 1916. Tháinig toradh ar a ndánacht agus a n-iarrachtaí nuair a cuireadh plean úr le chéile d’Eastát Tionsclaíoch Ghaoth Dobhair i gcomhairle le Comhairleoirí Innealtóireachta Thomas Garland, Baile Átha Cliath agus Roinn na Gaeltachta. Seoladh an plean seo in Óstán Radharc an Earagail, Doirí Beaga, ar an 14 Feabhra 1966, agus beartaíodh an ócáid mar chuid de chomóradh 50 bliain ar Éirí Amach 1916 . Deirtear gur seo an dara Eastát Tionsclaíoch tuaithe a rinneadh á phleanáil i bPoblacht na hÉireann.
Ba é cinneadh fadcheannach crógánta misniúil a bhí san fhís seo agus ba í cnámh droma fás agus forbairt Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair an lae inniu. Cinneadh a d’athraigh cúrsaí forbartha agus fostaíochta an cheantair ó shin ar aghaidh.
Tá Údarás na Gaeltachta agus pobal an Iarthuaiscirt go mór faoi chomaoin ag cúigear fear urrúnta cumasach a raibh de dhánacht an chinniúint fhostaíochta a athrach, mar a rinne, Tomás Mac Giolla Bhrighde, Micheál Mac Fhionntaigh, Séamus Ó Siadhail, Cathal Mac Grianna agus Cathal Ó Ceallaigh, i gcuideachta le Séamus Ó Raghallaigh, oifigeach de chuid Roinn na Gaeltachta. Thoiligh siad, ar a gconlán féin, dul i mbun feachtais le hEastát Tionscail a bhunú i nGaoth Dobhair, cinneadh a raibh impleachtaí fadthéarmacha aige ar shaol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta an cheantair.