Bernadette Cotter - Neartú 2006

Opening night performance
Installation - Bernadette Cotter
Prints - Bernadette Cotter
Sculpture - Bernadette Cotter
Sculpture - Bernadette Cotter
Osclóidh taispeántas de nua shaothar ealaíne dar teideal 'Neartú' in An Gailearaí, Ceardlann na gCroisbhealach ar an 23 Mean Fómhair 2006 ar an 8 a' chlog. Le dhá bhliain anuas, tá an t-ealaíontóir Bernadette Cotter tar éis tréimhsí cónaithe a chaitheamh i dTeach an tSléibhe, Mín an Leá, Gort a'Choirce faoi thogra scolaireachta 'Maggie Hughie Eoghan' atá faoi stiúir Cló Ceardlann na gCnoc, Gaoth Dobhair. Beidh saothar an tréimhse seo ar thaispeáint sa Ghailearaí, Oíche Shathairn.

Bíonn an t-ealaíontóir, Bernadette Cotter, ag obair go himfhiosach agus, ag an am céanna, go hathdhúcasach. Tá sé ráite fá mhórán ealaíontóirí go bhfuil ról s'acu amhail le seoladán - cainéal trína sníonn eolas a thugann an t-ealaíontóir ansin chun solais. Níl sé seo chomh simplí sin i gcás an ealaíontóra seo. Is é mothú na neamhbhuaine an chéad rud a sheasann amach i gcuid saothar Cotter. Tabhrann an radharc neamhdhaingnithe seo deis don lucht féachana an dara hamharc a thabhairt ar an rud a d'fhéadfadh anois a bheith saolta. Tá siombail láidir le brath ina cuid saothar, samhailchomharthaí a bhfuil ar a gcúl feasacht intleachtach a thrasnáionn na mílte míle bliain agus fealsúnachtaí iomadúla.

Tá rithim machnamhach arís agus arís eile bunúsach do shaothar Cotter: ag bailiú, ag cruinniú, ag baint as a chéile, ag cur le chéile le cois gnáthaimh rithimeacha struchtúrtha. Sa chéad áit, cuireann sé seo ar fáil creat láidir dá cuid oibre laistigh den toise spioradálta sin atá ríthábachtach don ealaíontóir seo agus, níos tábháchtaí arís, a leathnaíonn agus a chothaíonn an toise sin. De réir peirspictíocht Cotter, tá an bhean láidir, gníomhach agus tá ról tábhachtach aici, dearcadh nach bhfuil ag teacht le formhór na gcreideamh institiúideach.

Nuair amháin atá a n-aistear deasghnáthach ag ceann scríbe, cuirtear a cuid taispeántas i láthair mar ofrálacha comhchuí nó 'comaoineacha'. Tá saothair choimisiniúnaithe curtha i gcrích ag Cotter i dtíortha éagsúla, gach uair ag leathnú a peirspictíocht uilíoch chomhaontachta. Sa deireadh thiar thall, is é sin atá mar bhonn agus thaca le saothar an ealaíontóra seo - an braistint de chómhuintearas pobail, éagsúlacht, comhoibriú agus teacht le chéile.

Chomh maith leis an insealbhú iontach a tá le bheith ar thaispeáint, dhéanfaidh an t-ealaíontóir 'leiriú' a chuir i láthair oíche Shathairn taobh amuigh agus taobh istigh den Ghailearaí. Dhéanfaidh Ian Joyce an taispeántas a oscailt go h-oifigiúil agus beidh fáilte roimh gach duine. Leanfaidh an taispeántas go dtí 21 Deireadh Fómhair.
Tá an Gailearaí foscailte ón
Mháirt - Aoine 10.00 - 5.00 agus gach Shatharn ón 2.00 - 5.00.

Teistíocht Ealaíontóra

Chuaigh mé go Dún na nGall i mí Mheán Fómhair na bliana 2004 ar mhaithe le tréimhse chónaitheach a ghlacadh i dTeach a’tSléibhe i Mín na Leá. Ba é Ian Joyce ó Chló Ceardlann na gCnoc a thug cuireadh domh a theacht agus bronnadh Scoláireacht Mhaggie Hughie Eoghain orm. Bhí an mhí Mheán Fómhair sin thar a bheith deas agus ar an tséala sin chaith mé an chuid is mó de mo chuid ama amuigh faoin aer ag siúl. Bhíodh na sléibhte ag amhrac anuas orm agus mé ag déanamh ofrálacha umhla ar ghruaimhín an bhealaigh mhóir. Dhéanainn líníochtaí beaga ar an talamh, ag baint úsáide as cá bith a thiocfadh liom a fháil — sméara dubha, sceachóirí, bláthanna fiáine, bualtrach caorach, boscaí toitíní agus rudaí nach iad. Cosúil le grabhrógaí aráin Hansel agus Gretal, d’fhág mise m’ofrálacha anseo is ansiúd mar chomharthaí leochaileacha go ndeachaidh mé an bealach sin.

Le linn domh a bheith ar cheann de mo chuid turas gluaisteáin, tháinig mé trasna ar mhonarcha olna Kilcarra. Láithreach bonn, thit mé i ngrá leis an snáth agus a chuid dathanna. Roghnaigh mé buí, corcra agus dearg siocair gurbh iad sin na dathanna a ba ríoga a d’fhéadfainn a fháil. In m’intinnse, is é Dún na nGall an contae is ríoga den iomlán. Cad é a dhéanfainn leis an snáth? Dar liom go dtarraingeoinn líne buí ó mo dhoras féin i Mín na Leá go dtí doras Mhaggie Hughie Eoghain. Bhí cuntas glactha agam cheana féin ar an méid céimeanna a bhí idir an dá theach. Cha raibh mórán de mo líne déanta nuair a chuir an ghaoth a ladar sa scéal, á thógáil agus á sciobadh suas san aer. Chruinnigh mé grianchlocha bána faoi choinne mo líne a choinneáil ina áit. Sa deireadh, chornaigh an meascán mearaí de chlocha agus snáth buí iad féin suas amhail le liathróid. B’éigean domh spagaí beaga a chleiteáil faoi choinne na gcloch sa dóigh nach mbeadh siad at titim amach as an liathróid. Ansin, bheartaigh mé mé féin a chur ag ceann na liathróide agus chuige sin chleiteáil mé spaga le seasamh istigh ann. Ba sin an chéad bhall éadaigh críochnaithe. Bhí dhá cheann eile le déanamh, ceann dearg agus ceann corcra.

Ansin, tháing na tithe. Tá na céadta tithe beannacha scaipthe thart ar thírdhreach Dhún na nGall, idir bhallógaí agus úrnua, agus chleiteáil mé cuid mhór tithe beaga — buí, dearg agus corcra. Ar deireadh, tháinig na bachaill fuinseoige, aon cheann déag acu, gach ceann 7 troigh ar fhad agus iad clúdaithe le "muinchillí" cleiteáilte.