An tEaragal

An tEaragal
An tEaragal
An tEaragal
An tEaragal
Tá taispeántas ilmheán agus ildisciplíneach á choimeád ag an Ghailearaí ar ceiliúradh é ar an Earagail, an sliabh a bhfuil an fhéile ainmnithe as. Is í an earagail an sainchomhartha tíre is suntasaí i gContae Dhún na nGall agus samhlaíonn muid ar fad í agus téann sí i bhfeidhm orainn ar an iliomad bealaí. Beidh péintéreacht, grianghrafadóireacht, filíocht, téacs coimisiúnaithe, scannáin ealaíne agusscannáin faisnéise mar chuid den taispeántas. Beidh réimse ealaíontóirí, as Éirinn agus as thar lear araon, páirteach ann agus beidh tráchtaireacht agu ábhar cartlainne i gceist fosta.

Beidh an taispeántas le feiceáil ón Luan, 6 Iúil, agus déanfaidh an seandálaí Brain lacey é a oscailt go hoifigiúil Dé sathairn 18 lúil ar 7pm.