An phobail Oilean agus Tirdhreacha Dhun na ngall - Richard Noble. Fís na Fuiseoige - AODH Ó COILEÁIN

Is ealaíontóir agus grianghrafadóir cáiliúil é Richard Noble, a rugadh i Nua-Eabhrac ach atá ag cur faoi i nDún na Gall, agus is tionscadal grianghrafadóireachta é ‘An Island People’ ó na blianta 2005 go 2010. Sa taispeántas, tá 18 bportráid le feiceáil de dhaoine iomráiteacha ó shaol poiblí na hÉireann, iad dubh agus bán agus ar mhórscála, agus roghnaíodh iad ó shraith níos mó de phortráidí. Tá béim sa rogha seo ar dhaoine as Dún na nGall agus as earnáil ealaíon na hÉireann. I measc na gConallach atá le feiceáil sa taispeántas, tá Daniel O’Donnell, Sir Gerry Robinson, Mairéad Ní Mhaonaigh, Pat Doherty, Martin Mooney, Sean Doherty, Moya Doherty agus Sean Rafferty.
I measc an lucht ealaíon atá le feiceáil ann, tá Louis Le Brocquy, Patrick Scott, Donal Lunny, Jennifer Johnston, Robert Ballagh, Sean Scully, Neil Jordan, Fiona Shaw, Martin Hayes agus Colin Tobin.
Le cois ‘An Island People’, beidh sraith de 16 ghrianghraf de thírdhreach Dhún na Gall ar taispeáint, a glacadh le dornán blianta anuas. Cé go n-aithneoidh daoine go leor de na suímh (an Mhucais, Gleann Bheatha, an Ardaidh) agus de na hábhair (sliabh, spéir agus cladach), tá loime ag baint leo a fhágann go bhfuil siad níos cosúla le huiscedhathanna nó priontaí ná grianghraif dhaite.

FÍS NA FUISEOIGE.
Scannán faisnéise nua a thaispeánfar don chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2016
Trí shúile sheisear filí Éireannacha, féachann an scannán ar na coincheapa: dúthaigh, pearsantacht agus inspioráid. An dáimh le dúthaigh a mhúnlaigh an tsamhlaíocht liteartha Ghaelach agus an féinaitheantas Éireannach ón gcianaimsir anuas. Tá saibhreas de shaghas eile seachas maoin saolta cruthaithe ag an tsamhlaíocht seo.
Manglam de chroí agus cloigeann atá i bhFís na Fuiseoige, scrúdaítear an ceangal idir an Duine agus an Dúthaigh, mar a léirítear i bhfilíocht agus seanchas áitiúil na Gaeilge ó ré na bpágánach i leith. Siad na filí finnéithe na staire, traidisiún liteartha gan bhriseadh, an traidisiún is ársa ar oileán na hÉireann.
Déanadh an scannánaíocht thar thréimhse bliana, feictear cuid mhaith den talamh ón aer: Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach, Cill Airne, Cill Mhantáin, Corcaigh, Béal Feirste, Conamara, Gaeltacht Dhún na nGall.
Is deacair duine agus dúthaigh a dhealú in Éirinn. Céad bliain ó Éirí Amach na Cásca, dearbhaíonn Fís na Fuiseoige an ceangal atá againn le talamh na hÉireann agus an tionchar a imríonn sé seo ar ár samhlaíocht ar ár dtuiscint agus ar ár n-anam mothála.

Páirteach: Nuala Ní Dhomhnaill, Paddy Bushe, Biddy Jenkinson, Gearóid Mac Lochlainn, Cathal Ó Searcaigh, Jackie Mac Donncha
An tOll Declan Kiberd, Dr Louis de Paor, an tOll Mairín Ní Dhonnchadha Maidhc Bruic, Máire Ní Chinnéide, Seosamh Ó Cuaig, Darach Mac Con Iomaire, Claire Ní Mhuirthile
Fad: 52 nóiméad Teanga: Gaeilge le fotheidil Bhéarla Stiúrthóir Scannánaíochta: Colm Hogan Píolóta Ochtacaptair & Steadicam: Roman Bugovskiy Fuaim: Bob Brennan Eagarthóir: Julie Flavin Stiúrthóir: Aodh Ó Coileáin Léiritheoirí: Marina L. Levitina & Colm Hogan Comhlacht Léiriúcháin: Counterpoint Films Maoiniú: Údarás Craolacháin na hÉireann & TG4