An N56. Aistear Grianghrafadóireachta le Declan Doherty

An N56. Aistear Grianghrafadóireachta le Declan Doherty
Cuireann An Gailearaí, i gcomhpháirtíocht leis an Oifig Ealaíon Poilbí, Comhairle Chontae Dhún na nGall agus leis an Ionad Cultúrtha Réigiúnach, grianghrafanna áille leis an ngrianghrafadóir cáiliúl Declan Doherty i láthair. Tá na híomhánna seo cumtha go greanta agus go healaíonta agus spreagann siad muid chun súi ghéar agus fhiosrach a chaitheamh ar an N56 agus breathnú ar dóigh eile ar an mbóthar seo a shníomhann i gciorcal thart ar chontae Dhún na nGall. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 23 Deireadh Fómhair.

An Turas Bus Mhísteireach & Dhraíochta le Bill Viola


Imigh ar thuras draíochta na samhlaíochta leis an nGailearaí agus Bill Viola. Beidh cúig mhórphíosa físeáin leis an ealaíontóir iomráiteach , Bill Viola, suite i láthair neamhghnáth i gceantar Chloch Cheann Fhaola. Cuirfidh áilleacht, draíocht agus cumhacht na bpíosaí iontas agus gliondar ort. Ealaíontóír is ea Bill Viola atá clú agus cáil idirnáisiúnta air agus tá sé aitheanta ar fud na cruinne de bharr ildánanacht agus dúshlánacht a chuid shaothair. Fágfaidh bus an Gailearaí ag 8.30 i.n, 9.30 i.n ar an Aoine 24 Meán Fómhair agus ag na hamanna céanna ar an Satharn 25 Méan Fómhair. Saor in aisce