Aislingí na Rossan, Heidi Nguyen 2006

Aislingí na Rossan, Heidi Nguyen 2006
Aislingí na Rossan, Heidi Nguyen 2006
Aislingí na Rossan, Heidi Nguyen 2006
Aislingí na Rossan, Heidi Nguyen 2006
Aislingí na Rossan, Heidi Nguyen 2006
Aislingí na Rossan, Heidi Nguyen 2006

Heidi Nguyen



Rugadh agus tógadh Heidi i bPáras na Fraince. Ba as an tSualainn a máthair agus ba as Vítneam a hathair – cúlra a thug dearcadh domhanda do Heidi. I ndiaidh di a cúrsa i gcoláiste ealaín a chríochnú, chaith Heidi deich mbliana sa Fhrainc mar mhaisitheoir leabhar agus mar dhearthóir grafach. Tá a taithí le linn na tréimhse sin le tabhairt faoi deara go soiléir ina gcuid líníochtaí; tá na marcanna muiníneacha sothuigthe. D’aistrigh sí go Baile Átha Cliath sa bhliain 1996, áit ar chaith sí dhá bhliain ag gabháil den líníocht agus ag fáil aithne ar shaol cathrach na hÉireann. Sa deireadh, thart fá ocht mbliana ó shin, bhog sí go dtí an tuath, go Murbhach Maoláin ar an Mhachaire, agus bhunaigh sí a stiúideo ansin – bhí a spás féin aimsithe aici. Ó shin i leith, tá sí i mbun oibre i rith an ama agus go leor taispeántas dá saothar tugtha aici sna blianta sin. Tá saothair dá cuid i mbailiúchán Oifig na nOibreacha Poiblí, i mbailiúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall agus i mórán bailiúchán príobháideach agus bronnadh Duais Ealaíne Derek Hill uirthi i gComórtas Ghailearaí na Gléibe. Bhí sí rannpháirteach i gCosán na nEalaíontóirí a bhí mar chuid d’Fhéile Ealaíon an Earagail, 2005, agus ar éirigh go hiontach leis. Beidh sí rannpháirteach ann i mbliana arís. Is clódóir í Heidi fosta agus i láthair na huaire, tá sí ina rannpháirtí ar an chúrsa clódóireachta agus riarachán ealaíon, dár teideal ‘Tearmann’, atá a reáchtáil ag Cló Ceardlann na gCnoc i nGaoth Dobhair.

Cleachtann Heidi geoga agus machnamh Tia Chai. Tá gaol nó comparáid shoiléir idir an spás intinneach agus spioradálta ina mbíonn sí ann le linn di a bheith ag machnamh agus le linn di a bheith ag déanamh pictiúr. Bíonn sí oscailte agus gabhálach don dá cheann. Cuireann urraim an ealaíontóra don difríocht ar a cumas dearcadh domhanda a bheith aici, tréith a chothaíonn a hábaltacht i gcur ar fáil ceiliúradh driogtha. Sa chiall seo, is ionann a cuid pictiúr le hábhar macnaimh a ghabhann bunbhrí agus spiorad ‘áite’. Tá na saothair líofa, íosta, dheimhneacha seo amhail le mapáil mheitéareolaíoch mheafrach dár dtír, dár n-aeráid agus dár spiorad. Ní i mionsonraí an tírdhreacha atá spéis Heidí ach, ag an am céanna, is iad na mionsonraí sin a dhéanann feasacht dá saothar. Tá na cúig céadfaí ag feidhmiú don ealaíontóir – amharc, boladh, éisteacht, mothú agus blaiseadh. Nuair a dhéanann sí é seo a aithris ar ais chugainn, faigheann muid cuimhne dhriogtha.

Baineann Heidi úsáid as péint aicrileach, as a lámha agus as seanbhratógaí – ní bhaineann sí úsáid ar bith as scuaba – agus siocair go ndéanann sí a cuid oibre in situ, imeascann an ghaoth, bruscar séidte agus an fhearthainn lena cuid oibre. Lena chois sin, déanann an aimsir agus an t-atmaisféar a gcion féin don luas agus don ghotha. Cuireann an cur chuige seo ar a cumas a theacht chomh cóngarach sin den chanbhas – nó fiú thairis - go sroicheann sí áit gan chónaí, áit inar léir gurb é an pictiúir atá ag stiúradh an chomhrá. Cuireann an t-ealaíontóir síos ar an chomhrá seo mar thonnchrith – is cinnte gur beart calma cróga atá i gceist le bheith in inmhe an tonnchrith seo a ghlacadh agus ansin a leithéid a thuairisciú.